Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Tiomóid 4:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Do throideas an cómhrac maith, do shroicheas ceann cúrsa, do choimheádas an creideamh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Tá dea-throid curtha agam, tá mo chúrsa rite agam, níor fheall mé ar an gcreideamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Do chómhraic mé cómhrac maith, ráinic mé ceann mo choimhleanga, do choimhéid me an creaideamh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 4:7
22 Tagairtí Cros  

Acht adubhairt seisean, Abair ’n‐a ionad sin, Is beannuighthe iad‐san éisteas le briathar Dé agus choimhéadas é.


Agus an chuid atá sa talamh maith, is iad‐san na daoine d’éist leis an mbriathar le deagh‐chroidhe macánta, agus congbhuigheann siad é, agus do‐bheir siad toradh go foighdeach uatha.


D’fhoillsigheas t’ainm do na daoinibh thugais dom as an saoghal: ba leat‐sa iad, agus thugais damh‐sa iad; agus do chóimhéadadar do bhriathar.


Adubhairt Íosa leo, Is é mo bhiadh‐sa toil an té do chuir uaidh mé do dhéanamh, agus a ghnó do chóimhlíonadh.


Agus nuair do bhí Eoin ag cóimhlíonadh a chúrsa, adubhairt sé, Cia mheasann sibh gur mé? Ní mise é. Acht féach, atá duine ag teacht im’ dhiaidh, nach fiú mé go scaoilfinn bróga a chos.


Acht ní h‐é m’anam is cás liom, mar bhéadh cion agam air, acht go gcóimhlíonfad mo chúrsa, agus an mhiniostrálacht fuaras ó’n Tighearna Íosa soiscéal grása Dé do chraobhscaoileadh.


Agus is do réir taisbeánta do chuadhas suas; agus do leagas rómpa an soiscéal fhógraim i measc na gCineadhach, acht os íseal rómpa‐san ba mhó clú, ar eagla, ar chor ar bith, go mbéinn ag rith, nó go rabhas ag rith gan éifeacht.


ag troid an chómhraic chéadna dhaoibh do chonnaic sibh agus chluineas sibh bheith ionnam‐sa anois.


Fágaim é seo mar chúram ort, a Thimóteuis, a mhic liom, do réir na dtarngaire do rinneadh id’ thaobh roimhe seo, chum go dtroidfidh tú an cómhrac maith d’á mbárr;


Troid deagh‐chómhrac an chreidimh, beir greim ar an mbeathaidh shíorraidhe chum ar glaodhadh thú, agus go ndearnais admháil mhaith dhi i láthair a lán fiadhnaidhthe.


A Thimóteuis, coimheád a bhfuil curtha mar chúram ort, ag seachaint baoth‐chainnte neamh‐dhiadha, agus contrárdhachta an nidh go dtugtar eolas go bréagach air:


Coimheád an taisce maith tugadh dhuit tríd an Spiorad Naomh chómhnuigheas ionnainn.


Acht do leanais‐se dem’ theagasc, dem’ dheagh‐iomchar, dem’ chuspóir, dem’ chreideamh, de’m fhoighid, dem’ ghrádh, dem’ sheasmhacht, dem’ ghéirleanamhnaibh, dem’ anacraibh.


De bhrigh gur choimheádais briathar m’fhad‐fhulaing, cumhdóchad‐sa thú ar uair an chathuighthe atá le teacht ar an saoghal uile, chum a maireann ar talamh d’fhromhadh.


Is eol dom t’oibreacha (féach, atá doras foscailte curtha agam rómhat, agus ní fhéadann aoinneach a dhúnadh), de bhrigh go bhfuil beagán cumhachta agat, agus gur choimheádais mo bhriathar, agus nár shéanais m’ainm.


Agus tugadh róba geal do gach duine aca; agus adubhradh leo fanamhain go suaimhneach tamall beag eile, nó go gcóimhlíontaidhe méid a gcóimh‐sheirbhíseach agus a mbráthar do bhí le marbhadh mar iad féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí