Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 4:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 déan an briathar do chraobh‐scaoileadh; bí go díoghrasach i dtráth agus i n‐ántráth; bí ag spreagadh, ag smachtadh, ag gríosadh le gach ceannsacht agus le gach teagasc;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 bí ag seanmóireacht an bhriathair, bíodh faobhar ort i dtráth agus in antráth, bí ag áiteamh agus ag ceartú agus ag spreagadh, gan teip ar dʼfhoighne ná ar do theagasc.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Déuna an bríathar do sheanmóir; bí dúthrachdach a nám, agus a nanám; spreag, smachduighe, agus teaguisg maille ris a nuile cheannsachd agus fhoirceadal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 an briathar a fhógairt ar do dhícheall i dtráth agus in antráth. Bí ag áiteamh, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc go foighneach gan stad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 an briathar a fhógairt ar do dhícheall i dtráth agus in antráth. Bí ag áiteamh, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc go foighneach gan stad.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 4:2
36 Tagairtí Cros  

Agus is aoibhinn do’n té nach bhfaighidh adhbhar scannail ionnaim‐se.


Agus nuair thángadar‐san chum Íosa d’athchuingheadar go dian air, g‐á rádh, Is fiú é go ndéanfá an nidh sin dó;


Agus adubhairt seisean leis, Leig do na marbhaibh a mairbh féin do chur; acht imthigh‐se agus fógair ríoghacht Dé go foirleathan.


Agus nuair do shroicheadar Salamis, do chraobhscaoileadar briathar Dé i sionagógaibh na nIúdach: agus bhí Eoin mar chongantóir aca.


Agus do chuamar amach an geata lá na sabóide cois abhann, mar ar cheapamar go raibh áit urnaighthe; agus ’n‐ár suidhe dhúinn, do bhíomar ag labhairt leis na mnáibh do bhí cruinnighthe ann.


Agus an chéad lá de’n tseachtmhain, agus sinn cruinnighthe le chéile chum arán do bhriseadh, do bhí Pól ag tabhairt seanmóire dhóibh, mar bhí sé de rún aige imtheacht lá ar n‐a bhárach; agus do lean sé ag cainnt leo go h‐uair an mheadhon‐oidhche.


Agus ar shroichint na Róimhe dhúinn, tugadh cead do Phól fanamhain leis féin i n‐éinfheacht leis an saighdiúir do bhí mar ghárda air.


agus cionnas dhéanfas daoine seanmóir muna seoltar iad chuige? mar atá scríobhtha, Nach áluinn iad cosa na ndaoine do‐bheir deagh‐scéala áthais!


ag déanamh gáirdeachais i ndóchas; go foighdeach fá ghéirleanmhain;


An té do‐gheibh teagasc san mbriathar déanadh sé gach deagh‐nidh do roinnt ar an té do‐bheir an teagasc.


is é sin ar son na h‐eaglaise; d’á ndearnadh ministir díom, do réir an chúraim do chuir Dia orm ar bhur son, chum briathar Dé do chóimhlíonadh go h‐iomlán,


le breith buidheachais; ag guidhe orainne ar an am céadna, go bhfosclóchaidh Dia doras do’n bhriathar dúinn, chum rúindiamhair Chríost, go bhfuilim‐se i gcuibhreachaibh ar a son, d’innsin;


Agus do rinneabhar aithris orainne agus ar an Tighearna, ó ghlacabhar an briathar i ndóghrainn mhóir, le h‐áthas an Spioraid Naoimh;


Agus iarraimíd oraibh, a bhráithre, tabhraidh rabhadh do na fallsóirí, tabhraidh meisneach do na daoinibh atá lag‐chroidheach, bidhidh mar thaca do na daoinibh atá i n‐ísle bhrighe, bidhidh foighdeach leis an uile dhuine.


ná déan beag‐is‐fiú de tharngaireachtaibh;


Go dtí go dtagad‐sa, tabhair aire do’n léightheoireacht, do’n ghríosadh, do’n teagasc.


Aithbhear na daoine do‐ghní peacadh i bhfiadhnaise cáich, chum eagla do chur ar an gcuid eile.


Uime sin, má choimheádann duine é féin slán uatha so, béidh sé ’n‐a shoitheach chum onóra, soitheach beannuighthe, usáideach do’n té gur leis é, fóghanta chum gach deagh‐ghnó.


lán d’fhoidhne, ag ceartú na ndaoine chuireas ’n‐a aghaidh le ceannsacht, le súil go dtiubhrfaidhe Dhia dhóibh, am ar bith, aithrighe do dhéanamh chum eolas d’fhágháil ar an bhfírinne,


Acht do leanais‐se dem’ theagasc, dem’ dheagh‐iomchar, dem’ chuspóir, dem’ chreideamh, de’m fhoighid, dem’ ghrádh, dem’ sheasmhacht, dem’ ghéirleanamhnaibh, dem’ anacraibh.


Fiadhnaise fhíor is eadh í seo. D’á bhrigh sin aithbhear go géar iad, chum go mbéidh creideamh folláin aca,


Innis na neithe seo dhóibh agus aithbhear le gach ughdarás. Ná leig d’aoinneach beag‐is‐fiú do dhéanamh dhíot.


Impidhim oraibh, a bhráithre, glacadh le briathar an spreagtha so uaim: óir níor scríobhas acht go h‐aithghearr chugaibh.


An méid is ionmhain liom, do‐bheirim achmhusán dóibh agus smachtuighim iad: bí‐se dúthrachtach d’á bhrigh sin, agus déan aithrighe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí