Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 4:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Cuirim d’athchuinghe ort i bhfiadhnaise Dé agus i bhfiadhnaise Íosa Críost, bhéarfas breith ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh, agus i n‐ainm a thaisbeánta agus a ríoghachta;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Cuirim mar chúram ort i láthair Dé agus i láthair Íosa Críost atá le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, agus as ucht a theachta agus teacht a ríochta:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Uime sin cuirim dúalach ort a bhfíadhnuise Dé, agus an Tíghearna Iósa Críosd, noch bhéuras breath ar bhéodhuibh agus ar mharbhuibh agá theachd deallruightheach agus an ríoghachd;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 I bhfianaise Dé agus i bhfianaise Chríost Íosa atá chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, achtaím ort dar a thaibhsiú agus dar a Ríocht

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 I bhfianaise Dé agus i bhfianaise Chríost Íosa atá chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, achtaím ort dar a thaibhsiú agus dar a ríocht

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 4:1
35 Tagairtí Cros  

Óir tiocfaidh Mac an Duine i nglóir a Athar mar aon le n‐a ainglibh; agus annsin chúiteochaidh sé gach aoinneach de réir a ghníomhartha.


Adubhairt sé d’á bhrigh sin, D’imthigh duine uasal áirithe go tír i gcéin, chum ríoghacht do ghabháil dó féin, agus filleadh ar ais.


Agus tharla, nuair tháinig sé ar ais, agus sealbh aige ar an ríoghacht, gur órduigh sé na seirbhísigh d’á dtug sé an t‐airgead, do ghlaodhach chuige, chum go mbéadh a fhios aige cá mhéid do ghnóthuigheadar de bhárr na ceannaidheachta.


Agus adubhairt sé, A Íosa, cuimhnigh orm‐sa nuair thiocfas tú id’ ríoghacht.


Agus d’órduigh sé dhúinn labhairt leis na daoinibh agus a dhearbhú gur ab eisean an té atá ceaptha ag Dia chum bheith ’n‐a bhreitheamh ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh.


de bhrigh go bhfuil lá ceaptha aige ’n‐a dtiubhraidh sé breitheamhnas de réir cirt ar an saoghal tríd an bhfear atá réamh‐órduighthe aige; agus do dhearbhuigh sé é do gach uile dhuine, g‐á thógáil ó na marbhaibh.


nó g‐á gcosaint; san ló ’n‐a dtiubhraidh Dia breith ar rúnaibh na ndaoine, tré Íosa Críost, do réir mo shoiscéil‐se.


Nuair foillseochar Críost, ár mbeatha‐na, foillseochar sibh‐se, chómh maith, mar aon leis i nglóir an t‐am sin.


Annsin is eadh foillseochar an duine míriaghalta go marbhóchaidh an Tighearna Íosa le h‐anáil a bhéil é, agus go scriosfaidh sé le n‐a theacht agus le n‐a thaidhbhsiú é.


Cuirim mar athchuinghe ort i bhfiadhnaise Dé, agus Íosa Críost, agus na n‐aingeal toghtha, na neithe seo do dhéanamh gan claoin‐bhreith, gan fabhar.


acht atá foillsighthe anois tré thaisbeánadh ár Slánuightheora Íosa Críost, do chuir an bás ar ceal, agus thug an bheatha agus an do‐mharbhthacht chum solais tríd an soiscéal,


Cuir na neithe seo i gcuimhin dóibh, g‐á fhógairt dóibh i bhfiadhnaise an Tighearna gan bheith ag aighneas fá fhoclaibh nach bhfuil aon tairbhe ionnta, acht chuireas amugha an dream chluineas iad.


Saorfaidh an Tighearna ó gach droch‐obair mé, agus béarfaidh sé slán mé chum a ríoghachta neamhdha: dó‐san go raibh an ghlóir go saoghal na saoghal! Amen.


ó’n am so amach is í coróin na fíréantachta atá i ndán dom, coróin bhéarfas an Tighearna, breitheamh fíréan, dom san ló úd, agus ní damh‐sa amháin, acht do na daoinibh go léir gur geal leo a theacht.


ag fanamhain le dóchas beannuighthe agus le taisbeánadh glóire an Dé mhóir agus ár Slánuightheora Íosa Críost;


chum go bhfaighfear dearbhú bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ’ná ór théigheas ar neimhnidh, gidh go mbruithntear é le teinidh, go bhfaighfear a thairbhe i moladh, i nglóir, agus i n‐onóir nuair foillseochar Íosa Críost:


Bhéarfaidh siad cunntas do’n té atá ullamh chum breitheamhnas do thabhairt ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh.


Agus nuair foillseochar an tÁrd‐Aodhaire, gheobhaidh sibh coróin na glóire nach dtéigheann i n‐éag.


óir is mar sin do‐bhéarfar daoibh slighe fhairsing isteach i ríoghacht ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost.


Óir fuair sé onóir agus glóir ó Dhia an tAthair, go dtáinig an guth chuige as lár na glóire mór‐thaidhbhsighe, Is é seo mo Mhac ionmhain ’n‐a bhfuil mo mhór‐aoibhneas:


Anois, a chlann bheag, cómhnuighidh ann, ionnas, má foillsightear é, go mbéidh uchtach againn, gan náire bheith orainn nuair thiocfas sé.


Féach, atá sé ag teacht leis na néalltaibh; agus chífidh gach súil é, agus an dream do rop é; agus caoinfidh treabha uile an domhain d’á bhárr. Mar sin bhéas. Amen.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí