Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Tiomóid 4:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 ó’n am so amach is í coróin na fíréantachta atá i ndán dom, coróin bhéarfas an Tighearna, breitheamh fíréan, dom san ló úd, agus ní damh‐sa amháin, acht do na daoinibh go léir gur geal leo a theacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 As seo tá bláthfhleasc na fíréantachta i dtaisce i mo choinne, a mbeidh an Tiarna, an breitheamh fíréan úd, á bronnadh orm an Lá úd, agus ní ormsa amháin ach ar an uile dhuine den dream arb ansa leo a thaispeáint.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 O so amach atá coróin fhíréuntachda ar na taisge fám chomhair, noch bhéuras an Tíghearna, an breitheamh cómhthrom dhámh sa ló úd: agus ní dhámhsa amháin, achd mar an gcéudna do na huile dháoine ghrádhuigheas a theachd.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní orm-sa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Tá craobh na fíréantachta in áirithe dom feasta agus bronnfaidh an Tiarna féin, an breitheamh cóir, orm í an lá sin agus ní ormsa amháin é ach ar an uile dhuine a bheidh ag tnúth lena thaibhsiú.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 4:8
39 Tagairtí Cros  

Acht i dtaobh an lae sin, agus i dtaobh na h‐uaire sin, ní fhuil a fhios ag aon duine, fiú amháin ag na h‐ainglibh ar neamh, ná ag an Mac, acht ag an Athair amháin.


Is iomdha duine adéarfas liom an lá sin, A Thighearna, a Thighearna, nach id’ ainm‐se dorinneamar fáidheadóireacht, agus nach id’ ainm‐se do chaitheamar amach na deamhain, agus nach id’ ainm‐se do‐rinneamar mórán míorbhail?


Adeirim‐se libh gur sócamhlaighe do Shodom, an lá sin, ’ná do’n chathair sin.


Acht do réir do dhúine agus do chroidhe aindiuidigh atáir ag cur feirge i dtaisce dhuit féin fá chómhair lae na dibheirge, nuair foillseochar ceart‐bhreitheamhnas Dé:


Agus ní h‐é sin amháin é, acht sinne, mar an gcéadna, go bhfuil an Spiorad mar chéad‐toradh againn, bímíd ag osnaighil ionnainn féin, ag fuireach ar an uchtcacht, is é sin fuascladh ár gcorp.


acht mar atá scríobhtha, Ní fhaca súil, agus ní chuala cluas, Ní tháinig isteach i gcroidhe an duine, Na neithe do chuir Dia i n‐áirithe do na daoinibh go bhfuil grádh aca dhó.


óir foillseochaidh an lá é, de bhrigh go ndéanfar soiléir é san teinidh; agus déanfaidh an teine féin a chruthú cia an cineál obair gach duine.


Agus gach duine théigheas san iomaidheacht cleachtann sé smacht do choimheád air féin ar gach slighe. Agus do‐ghní siad‐san sin chum coróin truaillighthe do bhuadhachtain; acht doghnímíd‐ne é chum coróin neamh‐thruaillighthe do bhuadhachtain.


Óir bímíd ag osnaighil san bpailliún so, ag súil le clúdach ár n‐áitreabha atá ó neamh:


le súil go n‐éireochadh liom, ar chor ar bith, an aiséirghe ó na marbhaibh do rochtain.


as ucht an dóchais atá i dtaisce ’n‐bhur gcómhair ins na flaitheasaibh, go gcualabhar tuairisc ’n‐a thaobh roimhe seo i mbriathar fírinne an tsoiscéil,


agus chum bheith ag feitheamh le teacht a Mhic ó neamh, an té do thóg sé ó na marbhaibh, Íosa fhuasclas ó’n díbheirg atá le teacht sinn.


Acht, a bhráithre, ní fhuil sibh‐se san dorchacht, go dtiocfadh an lá úd oraibh mar thiocfadh gadaidhe.


Annsin is eadh foillseochar an duine míriaghalta go marbhóchaidh an Tighearna Íosa le h‐anáil a bhéil é, agus go scriosfaidh sé le n‐a theacht agus le n‐a thaidhbhsiú é.


ag cnuasach ciste dhóibh féin bhéas mar bhun daingean aca i gcómhair an ama atá le teacht, chum go bhfaighidís greim ar an mbeathaidh fhírinnigh.


acht atá foillsighthe anois tré thaisbeánadh ár Slánuightheora Íosa Críost, do chuir an bás ar ceal, agus thug an bheatha agus an do‐mharbhthacht chum solais tríd an soiscéal,


Is ar an adhbhar sin atáim ag fulang na neithe seo: acht ní fhuil aon náire orm; óir atá a fhios agam cia ann ar chreideas, agus atáim cinnte dhe go bhfuil ar chumas dó a bhfuil curtha fá n‐a chúram agam do choimheád fá chómhair an lae úd.


(Go dtugaidh an Tighearna dhó trócaire d’fhágháil ó’n Tighearna san ló úd): agus is maith atá a fhios agat féin méid na seirbhís do rinne sé dhom i nEiféis.


Agus an féar théigheas ag iomaidheacht ins na cleasaibh lútha, ní tugtar an choróin dó muna ndearna sé an iomaidheacht do réir na riaghlach.


Cuirim d’athchuinghe ort i bhfiadhnaise Dé agus i bhfiadhnaise Íosa Críost, bhéarfas breith ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh, agus i n‐ainm a thaisbeánta agus a ríoghachta;


ag fanamhain le dóchas beannuighthe agus le taisbeánadh glóire an Dé mhóir agus ár Slánuightheora Íosa Críost;


Is fíor nach adhbhar sóláis, acht ádhbhar dóláis an smachtú fá láthair, do réir cosmhalachta: acht ’n‐a dhiaidh sin do‐bheir sé toradh síothchánta do na daoinibh cleachtar leis, toradh na fíréantachta.


ar an gcuma chéadna, foillseochar Críost gan peacadh, an dara h‐uair, do na daoinibh atá ag fanamhain leis, chum a slánuighthe, tar a éis dó a íodhbairt féin an t‐aon uair amháin chum peacaidhe móráin d’iomchar.


Is aoibhinn do’n té sheasuigheas cathuighthe go foighdeach: óir tar éis a fhrómhtha gheobhaidh sé coróin na beathadh, atá geallta ag an Tighearna do na daoinibh ghrádhuigheas é.


chum oidhreachta neamh‐thruaillighthe, gan smál, nach dtéigheann i n‐éag, atá i n‐áirithe ins na flaitheasaibh daoibh‐se,


Agus nuair foillseochar an tÁrd‐Aodhaire, gheobhaidh sibh coróin na glóire nach dtéigheann i n‐éag.


Féach, atá sé ag teacht leis na néalltaibh; agus chífidh gach súil é, agus an dream do rop é; agus caoinfidh treabha uile an domhain d’á bhárr. Mar sin bhéas. Amen.


Annsin do chonnacas neamh ar fhoscailt; agus féach, each bán, agus an té do bhí ar muin air, tugadh Dílse agus Fírinne mar ainm air; agus is do réir an chirt do‐ghní sé breitheamhnas, agus chuireann sé cogadh.


Ná bíodh aon eagla ort roimh an méid atá le fulang agat: féach, atá an diabhal ar tí cuid agaibh do chaitheamh isteach i bpríosún chum fromhadh do dhéanamh oraibh; agus béidh sibh fá anró ar feadh deich lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐bhéarfad‐sa coróin na beathadh dhuit.


An té atá ’n‐a fhiadhnaidhe ar na neithibh seo, adeir sé, Is amhlaidh atá: atáim ag teacht go luath. Amen: tar, a Thighearna Íosa.


tuiteann an ceathrar seanóir agus fiche síos os cómhair na té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, agus adhrann siad an té mhaireas go saoghal na saoghal, agus caitheann siad a gcoróineacha síos os cómhair na righ‐chathaoireach,


Agus do bhí ceithre righ‐chathaoireacha agus fiche, agus ceathrar agus fiche seanóir ’n‐a suidhe ins na righ‐chathaoireachaibh, éadaighe geala umpa,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí