Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Filipigh 4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Uime sin, a bhráithre ionmhaine ’n‐a bhfuil dúil mo chroidhe, agus atá mar bhród agus mar choróin agam, seasaidh go daingean san Tighearna, a cháirde dílse.

2 Impidhim ar Eúódia, agus impidhim ar Shuntiche, bheith ar aon intinn san Tighearna.

3 Agus impidhim ort‐sa, a chomrádaidhe dhil, congnamh do thabhairt do na mnáibh úd, óir do shaothruigheadar san tsoiscéal i n‐éinfheacht liom‐sa, i n‐éinfheacht le Clément, leis, agus leis an gcuid eile dem’ chómh‐oibrightheoiribh, go bhfuil a n‐ainmneacha thíos i leabhar na beathadh.

4 Déanaidh gáirdeachas san Tighearna i gcómhnaidhe: adéarfad arís é, Déanaidh gáirdeachas.

5 Bíodh bhur gcaoimhe soiléir do’n uile dhuine. Atá an Tighearna i gcómhgar.

6 Ná bíodh imnidhe oraibh fá rud ar bith: acht san uile nidh cuiridh bhur n‐iarrataisí i n‐umhail do Dhia le h‐urnaighe, agus le h‐athchuinghe, agus le breith buidheachais.

7 Agus síothcháin Dé sháruigheas gach tuigsin, coimheádfaidh sí bhur gcroidheacha agus bhur smaointe i nÍosa Críost.

8 I ndeireadh scéil, a bhráithre, gach a bhfuil fíor, gach a bhfuil uasal, gach a bhfuil glan, gach a bhfuil ’n‐a dhíol grádha, gach a bhfuil fá dheagh‐chlú; gach subháilce, gach éinnidh atá ionmholta, gur ab ortha sin bhéas sibh ag smaoineadh.

9 Na neithe d’fhoghlaim sibh, agus do chuala sibh, agus do chonnaic sibh bheith ionnam‐sa, cleachtuighidh‐se na neithe sin: agus béidh Dia na síothchána libh.

10 Acht do‐ghním gáirdeachas mór san Tighearna, de bhrigh gur aithbheodhuigh sibh anois ar deireadh bhur gcúram im’ thaobh‐sa: is fíor go raibh sibh cúramach, acht do theastuigh faill uaibh chuige.

11 Ní h‐é go bhfuilim ag labhairt mar bhéinn fá easbaidh: óir d’fhoghlaimeas cionnas fanamhain sásta, is cuma cia an staid ’n‐a mbím.

12 Is eol dom cionnas bheith úiríseal, agus bheith ar mo lánmhian: ar gach slighe agus san uile nidh d’fhoghlaimeas cionnas bheith sáitheach, agus cionnas bheith ocrach, cionnas bheith i bhflúirse, agus cionnas bheith i ngátar.

13 Ní fhuil nidh nach dtig liom a dhéanamh le cumas an té neartuigheas mé.

14 Cia ar bith e, is maith do rinne sibh é, go raibh sibh páirteach liom im’ anró.

15 Agus atá a fhios agaibh féin, a Fhilipíneacha, nuair d’imthigheas ó’n Maiceadóin, agus an soiscéal ’n‐a thús, nach ndeachaidh eaglais ar bith i bpáirt liom fá bhronnadh agus fá ghlacadh,

16 acht sibh‐se amháin; óir i dTesaloníca féin dom do chuir sibh congnamh chugam uair nó dó le h‐aghaidh mo riachtanais.

17 Ní h‐é go bhfuilim ag éileamh aon bhronntanais; acht gur ab amhlaidh atáim ar lorg an tortha rachas cum creideamhna dhaoibh.

18 Atá gach nidh go h‐iomadamhail agam: atá mo lán‐dóthain agam, óir na neithe tháinig uaibh‐se, atá mar bholadh deagh‐chumhra, íodhbairt ionghlactha, taithneamhach ag Dia, fuaras ó Epafróditus iad.

19 Agus soláthróchaidh Dia gach a bhfuil i n‐easnamh oraibh do réir a rachmais i nÍosa Críost.

20 Anois glóir do Dhia agus d’ár nAthair go saoghal na saoghal. Amen.

21 Beannuighidh do gach naomh i nÍosa Críost. Na bráithre ata im’ fhochair, beannuigheann siad daoibh.

22 Beannuigheann na naoimh go léir daoibh, iad‐san go mórmhór bhaineas le lucht tighe Chéasair.

23 Grása an Tighearna Íosa Críost go raibh le n‐bhur spiorad.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí