Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 6:31 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 Ná bíodh imnidhe oraibh, d’á bhrigh sin, agus sibh g‐á rádh, Créad íosaimíd? nó, Créad ólfaimíd? nó, Cionnas clúdóchar sinn?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

31 Dá bhrí sin de ná bígí go himníoch agus ná habraigí, ‘Cad é a bheas againn le n‑ithe?’ nó ‘Cá bhfaighimid aon ní le n‑ól?’ nóʼ ‘Cad é an t‑éadach a chaithfimid?’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

31 Dá bhrígh sin, ná bíodh cúram oraibh, agus sibh ag rádh: Cad é íosas sinn, nó cad é ólfas sinn, nó cad é chuirfeas sinn orainn?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Uime sin na bídhidh lán do chúram, ag rádh, Créd iósam? no, Créd iobhom? no, Créd chuirfeam umainn?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Ná bídhidh ag déanamh buartha, d’á bhrígh sin, ’ghá rádh, Cad d’íosfaimíd? ná, Cad d’ól-faimíd? ná, Cad a chlúdóchaidh sinn?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

31 Dá bhrí sin, ná bígí go himníoch ag fiafraí: ‘Cá bhfaighimid bia, nó deoch, nó éadach?’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 6:31
16 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt na deisceabail leis, Cá bhfuighmís‐ne i bhfásach an oiread sin aráin agus shásóchadh a leithéid de shluagh mór?


Acht d’fhreagair seisean, agus adubhairt, Atá scríobhtha, Ní h‐ar arán amháin mhairfeas an duine, acht ar an uile bhriathar thig ó bhéal Dé.


D’á bhrigh sin adeirim libh, Ná bíodh imnidhe oraibh i dtaobh bhúr mbeathadh, mar gheall ar a n‐íosaidh sibh, nó mar gheall ar a n‐ólfaidh sibh; ná i dtaobh bhúr gcuirp, mar gheall ar an gclúdach bhéas oraibh. Nach mó an t‐anam ’ná an biadh, agus an corp ’ná an t‐éadach?


Agus cia agaibh d’fhéadfadh, le méid a imnidhe, bannlámh amháin do chur le n‐a aoirde féin?


Acht d’fhreagair an Thighearna agus adubhairt sé léi, A Mharta, a Mharta, atá a lán neithe ag cur imnidhe agus buaidheartha ort:


Agus nuair bhéarfas siad i láthair na sionagóg, agus na ngiúistís, agus na n‐uachtarán sibh, ná bíodh ’n‐a imnidhe oraibh cionnas nó cad fhreagróchas sibh, nó cad adéarfas sibh:


Agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Ná bíodh imnidhe oraibh i dtaobh bhúr mbeathadh, créad íosfas sibh; ’ná i dtaobh bhúr gcuirp, créad chuirfeas sibh oraibh.


Ná bidhidh, d’á bhrigh sin, g‐á fhiafruighe créad íosfas sibh, agus créad ólfas sibh, agus ná bíodh inntinn chorrach agaibh.


Ná bíodh imnidhe oraibh fá rud ar bith: acht san uile nidh cuiridh bhur n‐iarrataisí i n‐umhail do Dhia le h‐urnaighe, agus le h‐athchuinghe, agus le breith buidheachais.


ag cur bhur gcúraim uile air, óir bheireann se féin aire dhaoibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí