Agus an ceanntúir, agus na daoine do bhí ’n‐a fhochair ag faire ar Íosa, nuair do chonnacadar an crioth talmhan agus gach a dtarla, tháinig eagla mhór ortha,
Lúcás 7:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do bhí seirbhíseach ceanntúra áirithe, fear do b’ionmhain le n‐a mháighistir, do bhí sé breoite agus i riochtaibh báis. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bhí ceantúir ansin a raibh mogha aige ba dhílis lena chroí, agus bhí an mogha breoite agus i mbéala báis. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí seirbhíseach tinn i riocht an bháis ag ceanntúir áirithe, agus cion mór aige air. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí óglach caiptin áirighe, go bréoite, a riochd bháis, air a raibh cion mór aige. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí taoiseach céad n-a raibh seirbhíseach leis breóite, agus ba mhór aige an seirbhíseach, agus bhí sé ag dul chun báis. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí taoiseach céid a raibh seirbhíseach leis tinn agus le hucht báis, agus bʼionúin leis é. An Bíobla Naofa 1981 Bhí taoiseach céad a raibh seirbhíseach leis tinn agus le hucht báis, agus b'ionúin leis é. |
Agus an ceanntúir, agus na daoine do bhí ’n‐a fhochair ag faire ar Íosa, nuair do chonnacadar an crioth talmhan agus gach a dtarla, tháinig eagla mhór ortha,
Agus nuair do chonnaic an ceanntúir créad tharla, thug sé glóir do Dhia, g‐á rádh, Go deimhin ba fíréan an fear so.
Agus nuair do bhí a bhriathra go léir críochnuighthe aige i n‐éisteacht na ndaoine, do chuaidh sé isteach i gCafarnaúm.
Agus nuair do‐chuala sé i dtaobh Íosa, do chuir sé chuige cuid de sheanóiribh na nIúdach, g‐á iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach do leigheas.
óir do bhí inghean amháin aige agus í tuairim dhá bhliadhain déag d’aois, agus do bhí sí ’n‐a luighe i riochtaibh báis. Acht sa tsiubhal dó do bhí an sluagh ag brúghadh air.
Do bhí fear darbh ainm Cornélius i gCéasaria, ceanntúir ar an mbuidhin Iodáiligh, mar tugadh uirthi, fear cráibhtheach,
Agus nuair d’imthigh an t‐aingeal do bhí ag cainnt leis, do ghlaodh sé chuige beirt d’á sheirbhíseachaibh, agus saighdiúir cráibhtheach díobh‐san do bhíodh i gcómhnaidhe ag freastal air;
Nuair do‐chuala an ceanntúir sin, do chuaidh sé chum an árd‐chaiptín, agus d’innis sé dhó é, g‐á rádh, Créad é sin mheasas tú do dhéanamh? Fear Rómhánach is eadh an duine sin.
Agus do ghlaodh Pól duine de na ceanntúiribh chuige, agus adubhairt sé, Beir leat an buachaill seo chum an árd‐chaiptín: óir atá nidh aige le n’innsin dó.
Annsin nuair do shocruigheadar go rachaimís fá sheol go dtí an Iodáil, thugadar Pól agus roinn príosúnach eile do cheanntúir darbh ainm Iúlius, de bhuidhin Augustuis.
Agus an lá ’n‐a dhiaidh sin thángamar go Sidón: agus bhí Iúlius cineálta le Pól, agus thug sé cead dó dul fá thuairisc a charad agus sócamhal d’fhágháil uatha.
Acht do bhí a fhonn ar an gceanntúir Pól do shábháil, agus ní leigfeadh sé dhóibh é, agus d’órduigh sé dhóibh‐sean go raibh snámh aca a gcaitheamh amach ar dtús agus an tír do bhaint amach:
A sheirbhíseacha, bidhidh umhal do bhur máighistribh do réir na feola, ní le súil‐sheirbhís, mar bhéadh sibh d’iarraidh daoine do shásamh, acht le deagh‐thoil croidhe,