Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Gníomhartha 10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Do bhí fear darbh ainm Cornélius i gCéasaria, ceanntúir ar an mbuidhin Iodáiligh, mar tugadh uirthi, fear cráibhtheach,

2 go raibh eagla Dé air féin agus ar a theaghlach go léir, fear do‐bheireadh a lán déirce do na daoinibh, agus do bhíodh de ghnáth ag guidhe Dé.

3 Do taidhbhrigheadh dhó go soiléir, tuairim na naomhadh h‐uaire de’n lá, aingeal Dé ag teacht chuige isteach, g‐á rádh leis, A Chornéliuis.

4 Agus adubhairt seisean, ag féachaint go géar air, agus eagla air, Créad é sin, a Thighearna? Agus adubhairt sé leis, Atá t’urnaighthe agus do chuid déirce imthighthe suas mar chuimhneachán i láthair Dé.

5 Agus anois cuir fir go h‐Ioppé agus cuir fios ar Shíomón, ar a dtugtar Peadar;

6 atá sé ar lóistín i dtigh Shíomóin, fear leasuighthe leathair, go bhfuil a theach i n‐aice na fairrge.

7 Agus nuair d’imthigh an t‐aingeal do bhí ag cainnt leis, do ghlaodh sé chuige beirt d’á sheirbhíseachaibh, agus saighdiúir cráibhtheach díobh‐san do bhíodh i gcómhnaidhe ag freastal air;

8 agus tar a éis dó gach uile nidh d’innsint dóibh, do chuir sé go h‐Ioppé iad.

9 Agus lá ar n‐a bhárach, ag siubhal dóibh‐sean, agus iad ag tarraing ar an gcathair, do chuaidh Peadar suas ar bhárr an tighe, tuairim na sémhadh h‐uaire, chum urnaighe do dhéanamh:

10 agus tháinig ocras air, agus do bhí sé ag tnúth le biadh: acht an fhaid a bhíodar g‐á ullmhú, tháinig táimhnéall air:

11 agus do chonnaic sé na flaithis ar fhoscailt, agus soitheach, mar bhéadh seol mór, ag tuirling, d’á leigin anuas, agus é ceangailte ar na ceithre cúinnibh, ar an talamh:

12 agus do bhí ann beithidhigh ceithre gcos, agus piastaí agus éanlaithe an aeir de gach cineál.

13 Agus do labhair an guth leis, Éirigh, a Pheadair; marbh agus ith.

14 Acht adubhairt Peadar, Ní dhéanfainn sin, a Thighearna; óir éinnidh coitcheann ná neamh‐ghlan níor itheas riamh.

15 Agus do labhair an guth arís leis, an dara h‐uair, An nidh do ghlan Dia, ná déan‐sa neamh‐ghlan é.

16 Mar sin adubhradh trí h‐uaire as a chéile, agus ar ball do tógadh an soitheach ar ais isteach ins na flaitheasaibh.

17 Agus a fhaid do bhí Peadar ag iarraidh a dhéanamh amach créad ba chiall do’n aisling do chonnaic sé, féach, na fir do chuir Cornélius uaidh, tar a éis dóibh a fhiafruighe cá raibh teach Shíomóin, do bhíodar ’n‐a seasamh ag an doras,

18 agus do ghlaodhadar agus d’fhiafruigheadar an raibh Síomón, ar a dtugtar Peadar, ar lóistín annsin.

19 Agus ag machtnamh do Pheadar ar an aisling, adubhairt an Spiorad leis, Féach, atá triúr fear ’gad’ lorg.

20 Acht éirigh, agus téigh síos, agus imthigh i n‐éinfheacht leo, gan amhras intinne bheith ort: óir is mise do chuir chugat iad.

21 Agus do chuaidh Peadar síos chum na bhfear, agus adubhairt, Féach, is mise an té atá sibh d’iarraidh: cia an fáth go dtáinig sibh?

22 Agus adubhradar‐san, Córnélius ceanntúir, fear cráibhtheach go bhfuil eagla Dé air, agus go bhfuil árd‐mheas ag an gcineadh Iúdach uile air, fuair sé fógradh ó aingeal naomhtha fios do chur ort‐sa teacht chum a thighe féin, agus éisteacht le briathraibh uait.

23 Annsin do ghlaodh sé isteach iad agus thug sé aoigheacht dóibh. Agus d’éirigh sé lá ar n‐a bhárach agus d’imthigh sé amach i n‐éinfheacht leo, agus cuid de na bráithribh ó Ioppé ’n‐a gcuideachtain.

24 Agus an lá ’n‐a dhiaidh sin do chuadar isteach i gCéasaria. Agus do bhí Cornélius ag feitheamh leo, agus a ghaolta agus a cháirde cruinnighthe le chéile aige.

25 Agus thárla, ag dul isteach do Pheadar, go ndeachaidh Cornélius chuige, agus do shléacht sé dhó ag a chosaibh, ag déanamh onóra dó.

26 Acht do thóg Peadar suas é, g‐á rádh, Éirigh id’ sheasamh; duine is eadh mé féin, leis.

27 Agus do chuaidh sé isteach agus é ag cainnt leis, agus fuair sé mórán daoine cruinn le chéile ann:

28 agus adubhairt sé leo, Atá a fhios agaibh féin nach dlisteanach do’n Iúdach baint do bheith aige le duine d’aon chineadh eile, ná caidreamh do dhéanamh leis; acht thug Dia le tuigsin dom gan coitcheann ná neamh‐ghlan do thabhairt ar aon duine:

29 uime sin, nuair do cuireadh fios orm, tháinig mé gan cur ’n‐a choinnibh. Fiafruighim, d’á bhrigh sin, cad chuige ar cuireabhar fios orm.

30 Agus adubhairt Cornélius, Ceithre lá ó shoin, go dtí an uair seo, do bhíos ag guidhe ar an naomhadh h‐uair im’ thigh: agus féach, do bhí fear ’n‐a sheasamh im’ fhiadhnaise agus éadach geal air,

31 agus adubhairt sé, A Chornéliuis, do h‐éisteadh led’ ghuidhe, agus do cuimhnigheadh ar do chuid déirce i láthair Dé.

32 Cuir fios go h‐Ioppé, d’á bhrigh sin, agus iarr ar Shíomón, ar a dtugtar Peadar, teacht chugat; cómhnuigheann sé i dtigh Shíomóin fear leasuighthe leathair, cois na fairrge.

33 Ar an adhbhar sin do chuireas fios ort‐sa; agus is maith do‐rinnis agus teacht. Sin é an fáth go bhfuilmíd uile láithreach annso i bhfiadhnaise Dé, chum bheith ag éisteacht le gach ar órduigh Dia dhuit a rádh.

34 Agus d’fhoscail Peadar a bhéal, agus adubhairt, Go fírinneach is léir dhom nach bhféachann Dia do dhuine seachas a chéile:

35 acht go mbíonn glacadh aige le gach cineadh go mbíonn a eagla air, agus chleachtuigheas an ceart.

36 An briathar do chuir sé chum clainne Israel, ag fógairt deagh‐scéal síothchána tré Íosa Críost (is é Tighearna ar chách é) —

37 is eol daoibh féin an briathar sin, do craobhscaoileadh ar fud Iúdaea ar fad, ag tosnú ó’n nGalilé, tar éis an bhaiste d’fhógair Eoin;

38 cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasardha leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht: gur ghluais sé roimhe ag déanamh deagh‐ghníomh, agus ag leigheas gach duine do bhí fá smacht an diabhail; óir do bhí Dia leis.

39 Agus ataimíd‐ne ’n‐ár bhfiadhnaidhthibh do’n méid do‐rinne sé i gcrích na nIúdach, agus i nIarúsalem; gur cuireadh chum báis é, d’á chrochadh ar chrann.

40 Do thóg Dia ó’n mbás é an treas lá, agus thug sé le feicsin é, ní do’n phobal go léir,

41 acht d’fhiadhnaidhthibh do bhí toghtha ag Dia roimh ré, dúinne, do bhí ag ithe agus ag ól ’n‐a fhochair tar a éis dó aiséirghe ó na marbhaibh.

42 Agus d’órduigh sé dhúinn labhairt leis na daoinibh agus a dhearbhú gur ab eisean an té atá ceaptha ag Dia chum bheith ’n‐a bhreitheamh ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh.

43 Is dó‐san do‐bheir na fáidhe go léir fiadhnaise, gur ’n‐a ainm‐sean gach éinneach chreideas ann do‐gheobhaidh sé maitheamhnas na bpeacadh.

44 Le linn Peadar bheith ag labhairt na mbriathar sin, do thuirling an Spiorad Naomh ortha‐san do bhí ag éisteacht leis an mbriathar.

45 Agus lucht an timcheall‐ghearrtha do chreid, an méid díobh tháinig i n‐éinfheacht le Peadar, do bhí iongnadh mór ortha de bhrigh gur doirteadh tíodhlacadh an Spioraid Naomh ar an Cineadhachaibh féin.

46 Óir d’airigheadar iad ag labhairt as teangthachaibh, agus ag adhmholadh Dé. Annsin adubhairt Peadar,

47 An féidir le duine ar bith uisce do dhiúltadh dhúinn, gan leigin dúinn na daoine seo do bhaisteadh, iad so do ghlac an Spiorad Naomh chómh maith linne?

48 Agus d’órduigh sé iad do bhaisteadh i n‐ainm Íosa Críost. Annsin d’impidheadar air fanamhain aca roinnt laethe.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí