Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 4:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

D’á bhrigh sin, má adhrann tú rómham‐sa, is leat‐sa an t‐iomlán.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Mar sin is leatsa é, ach tú adhradh agus ómós a thabhairt dom.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Ar an adhbhar sin, má ghní tú adhradh ós mo chómhair, is leat iad go léir.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ar a nadhbharsin má adhrán tusa dhamhsa, budh leachd íad uile.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

D’á bhrígh sin, má dheineann tú mise dh’adhradh, ansan os mo chomhair, is leat iad go léir.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Dá bhrí sin, má dhéanann tusa adhradh i mo láthair, is leat é uile.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Dá bhrí sin, má dhéanann tusa adhradh i mo láthair, is leat é uile.”

Féach an chaibidil



Lúcás 4:7
11 Tagairtí Cros  

Agus do chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh i bhfochair a mhátar Muire, agus do shléachtadar dó, agus d’adhradar é, agus ag foscailt a dtaisce dhóibh, thugadar bronntanais dó: ór, agus túis, agus mirr.


agus do thuit sé ar a aghaidh ag a chosaibh, ag gabháil a bhuidheachais leis: agus Samáritánach ab eadh é.


Agus adubhairt an diabhal leis, Do‐bhéarfad duit‐se an chumhacht uile sin, agus a mórdhacht: óir tugadh damh‐sa é; agus tig liom a bhronnadh ar an té is rogha liom.


Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Atá scríobhtha, Adharfaidh tú an Tighearna, do Dhia, agus is dó‐san amháin dhéanfasse tú irbhís.


Agus nuair do chonnaic sé Íosa, do ghlaodh sé amach agus do thuit sé ar lár roimhe, agus adubhairt sé de ghuth árd, Caidé an chuid atá agam‐sa dhíot, a Íosa, a Mhic Dé is Aoirde?


Agus is mise Eoin do chuala agus do chonnaic na neithe seo. Agus nuair chualas agus chonnacas, do thuiteas síos ag adhradh roimh chosaibh an aingil do thaisbeáin na neithe seo dhom.


tuiteann an ceathrar seanóir agus fiche síos os cómhair na té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, agus adhrann siad an té mhaireas go saoghal na saoghal, agus caitheann siad a gcoróineacha síos os cómhair na righ‐chathaoireach,


Agus nuair do ghlác sé an leabhar, do thuit na ceithre h‐ainmhidhthe agus an ceathrar seanóir agus fiche síos os cómhair an Uain, cruit ag gach duine aca, agus soithigh óir lán de thúis aca, gur ab iad urnaighthe na naomh iad.