Apacailipsis (Taispeántadh) 4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 ’N‐a dhiaidh sin do dhearcas, agus féach, doras ar fhoscailt ar neamh, agus an chéad guth do chualas do bhí sé mar bhéadh fuaim stuic ag labhairt liom, g‐á rádh, Gabh aníos annso, agus taisbeánfad duit na neithe atá le teacht chum críche ’n‐a dhiaidh seo. 2 Agus ar an láthair do bhíos san Spiorad: agus féach, do bhí righ‐chathaoir suidhte ar neamh, agus an duine ’n‐a shuidhe ins an righ‐chathaoir; 3 agus an té do bhí ’n‐a shuidhe is amhlaidh do bhí sé mar bhéadh cloch iaspair agus sáird: agus i dtimcheall na righ‐chathaoireach do bhí bogha ceatha, mar bhéadh cloch smaragaid le féachain air. 4 Agus do bhí ceithre righ‐chathaoireacha agus fiche, agus ceathrar agus fiche seanóir ’n‐a suidhe ins na righ‐chathaoireachaibh, éadaighe geala umpa, 5 agus coróineacha óir ar a gceannaibh aca. Agus bíonn lasracha agus glórtha agus tóirneacha ag teacht amach ó’n righ‐chathaoir. Agus do bhí seacht lóchrainn teineadh ar dian‐lasadh os cómhair na righ‐chathaoireach: is iad seacht spioraidí Dé iad. 6 Agus os cómhair na righ‐chathaoireach do bhí mar bhéadh fairrge gloine cosmhail le criostal: agus i lár gach taoibhe de’n righ‐chathaoir, ’n‐a thimcheall, do bhí ceithre h‐ainmhidhthe lán de shúilibh ar tosach rómpa agus ar a gcúl. 7 Agus do bhí an chéad ainmhidhe cosmhail le leomhan, agus an dara h‐ainmhidhe cosmhail le laogh, agus do bhí aghaidh mar aghaidh duine ag an treas ainmhidhe, agus do bhí an ceathramhadh h‐ainmhidhe cosmhail le h‐iolar ar eiteall. 8 Do bhí sé sciatháin ag gach ceann de na h‐ainmhidhthibh, agus ’n‐a dtimcheall, agus taobh istigh dhíobh atá siad lán de shúilibh: agus ní thostann siad de ló ná d’oidhche, acht iad g‐á rádh, Naomhtha, naomhtha, naomhtha, Tighearna Dia Uile‐chumhachtach, do bhí ann, agus atá ann, agus atá ag teacht. 9 Agus nuair bheireas na h‐ainmhidhthe glóir agus onóir agus buidheachas do’n té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, do’n té mhaireas go saoghal na saoghal, 10 tuiteann an ceathrar seanóir agus fiche síos os cómhair na té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, agus adhrann siad an té mhaireas go saoghal na saoghal, agus caitheann siad a gcoróineacha síos os cómhair na righ‐chathaoireach, 11 g‐á rádh, Is fiú thú, a Thighearna agus a Dhia an ghlóir agus an onóir agus an chumhacht d’fhágháil: óir is tú do chruthuigh na h‐uile neithe, agus is ded’ thoil‐se atá siad ann, agus do cruthuigheadh iad. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society