Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 4:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus do bhí ceithre righ‐chathaoireacha agus fiche, agus ceathrar agus fiche seanóir ’n‐a suidhe ins na righ‐chathaoireachaibh, éadaighe geala umpa,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Agus timpeall na ríchathaoireach bhí ceithre chathaoir ar fhichid, a raibh ceithre chruifir ar fhichid ina suí orthu faoi éadach geal, agus corónacha óir faoina gcinn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus a dtimchioll na catháoireach fá gcuáirt do bhádar ceithre catháoireacha fithchead: agus do chonnairc mé sna catháoireachuibh sin na suidhe, ceathrar ar fichid seanóir umá raibh éuduighe gléigheala; agus do bhádar coróna órrgha aca ar a gceannuibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Bhí ceithre rí-chathaoir fichead mór-thimpeall na rí-chathaoireach agus ceathrar seanóirí fichead ina suí sna rí-chathaoireacha, iad gléasta in éidí geala agus corónacha óir ar a gceann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Bhí ceithre ríchathaoir fichead mórthimpeall na ríchathaoireach agus ceathrar seanóirí fichead ina suí sna ríchathaoireacha, iad gléasta in éidí geala agus corónacha óir ar a gceann.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 4:4
24 Tagairtí Cros  

Agus dubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, nuair shuidhfeas Mac an Duine i gcathaoir a ghlóire, san aith‐gheineamhain, sibh‐se do lean mé, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag, ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.


chum go n‐íosfaidh agus go n‐ólfaidh sibh ar mo bhórd‐sa im’ ríoghacht; agus go mbéidh sibh ’n‐bhúr suidhe ar righ‐chathaoireachaibh ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.


ó’n am so amach is í coróin na fíréantachta atá i ndán dom, coróin bhéarfas an Tighearna, breitheamh fíréan, dom san ló úd, agus ní damh‐sa amháin, acht do na daoinibh go léir gur geal leo a theacht.


Agus an ceathrar seanóir agus fiche atá ’n‐a suidhe ar a righ‐chathaoireachaibh os cómhair Dé, do thuiteadar ar a n‐aighthibh fútha,


agus do bhíodar ag canadh amhráin, mar bhéadh amhrán úr‐nua, ós cómhair na righ‐chathaoireach, agus os cómhair na gceithre n‐ainmhidhe, agus os cómhair na seanóir: agus ní raibh ar chumas d’aoinneach an t‐amhrán sin d’fhoghlaim, acht amháin do’n chéad ceathrar, agus dá fhichid míle duine do bhí ceannuighthe as a raibh ar talamh.


Agus na sluaighte atá ar neamh do bhíodar g‐á leanmhain ar éachaibh bána, agus iad clúduighthe le línéadach mín‐gheal, glan‐úr.


Agus do thuit an ceathrar agus fiche seanóir agus na ceithre h‐ainmhidhthe síos, agus d’adhradar Dia atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, g‐á rádh, Amen; Allelúia!


Ná bíodh aon eagla ort roimh an méid atá le fulang agat: féach, atá an diabhal ar tí cuid agaibh do chaitheamh isteach i bpríosún chum fromhadh do dhéanamh oraibh; agus béidh sibh fá anró ar feadh deich lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐bhéarfad‐sa coróin na beathadh dhuit.


Agus do chonnacas árd‐chathaoireacha; agus duine ’n‐a suidhe ionnta go dtugadh de chead dóibh breitheamhnas do thabhairt: agus do chonnacas anmanna na ndaoine do di‐cheannuigheadh ar son fiadhnaise Íosa, agus ar son briathair Dé, agus nach dtug adhradh do’n ainmhidhe, ná d’á íomháigh, agus nár ghlac chuca a marc ar chlár a n‐éadain, ná ar a láimh; agus thángadar ’n‐a mbeathaidh, agus do riaghluigheadar i bhfochair Íosa míle bliadhain.


cómhairlighim duit ór do h‐ath‐bhruithneadh i dteinidh do cheannach uaim‐se, chum go mbéidh tú saidhbhir, agus éadaighe geala chum clúdach do chur ort féin, chum nach bhfeicfear náire do lomnochtachta; agus ungadh le cuimilt ar do shúilibh, chum go bhfeicidh tú.


tuiteann an ceathrar seanóir agus fiche síos os cómhair na té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, agus adhrann siad an té mhaireas go saoghal na saoghal, agus caitheann siad a gcoróineacha síos os cómhair na righ‐chathaoireach,


Agus os cómhair na righ‐chathaoireach do bhí mar bhéadh fairrge gloine cosmhail le criostal: agus i lár gach taoibhe de’n righ‐chathaoir, ’n‐a thimcheall, do bhí ceithre h‐ainmhidhthe lán de shúilibh ar tosach rómpa agus ar a gcúl.


Agus do dhearcas, agus chualas glór a láin aingeal i dtimcheall na righ‐chathaoireach agus i dtimcheall na n‐ainmhidhe agus na seanóir, agus ba é a líon deich míle fó dheich míle agus na mílte de mhíltibh;


Agus adubhairt na ceithre h‐ainmhidhthe, Amen. Agus do thuit na seanóirí síos agus do rinneadar adhradh.


Agus i lár na righ‐chathaoireach agus na gceithre n‐ainmhidhe, agus i lár na seanóir, do chonnacas an tUan ’n‐a sheasamh, mar bhéadh sé tar éis a íodhbartha, seacht n‐adharca agus seacht súile aige, gur ab iad seacht Spioraidí Dé iad,


Agus nuair do ghlác sé an leabhar, do thuit na ceithre h‐ainmhidhthe agus an ceathrar seanóir agus fiche síos os cómhair an Uain, cruit ag gach duine aca, agus soithigh óir lán de thúis aca, gur ab iad urnaighthe na naomh iad.


Agus tugadh róba geal do gach duine aca; agus adubhradh leo fanamhain go suaimhneach tamall beag eile, nó go gcóimhlíontaidhe méid a gcóimh‐sheirbhíseach agus a mbráthar do bhí le marbhadh mar iad féin.


Agus do bhí na h‐aingle uile ’n‐a seasamh i dtimcheall na righ‐chathaoireach, agus i dtimcheall na seanóir agus na gceithre n‐ainmhidhe; agus do thuiteadar ar a n‐aighthibh fútha os cómhair na righ‐chathaoireach, agus d’adhradar Dia,


’N‐a dhiaidh sin do dhearcas, agus féach, sluagh mór nach bhféadfadh aon duine a áireamh, de gach cineadh, agus de gach treibh, agus de gach pobal, agus de gach teangain, ’n‐a seasamh os cómhair na righ‐chathaoireach agus os cómhair an Uain, éadaighe geala umpa, agus pailmeacha ’n‐a lámhaibh aca;


Agus do bhí na lócaistí cosmhail le h‐eachaibh gléasta chum cogaidh; agus do bhí ar a gceannaibh mar bhéadh coróineacha óir, agus do bhí a n‐aighthe cosmhail le h‐aighthibh daoine.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí