Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 17:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 agus do thuit sé ar a aghaidh ag a chosaibh, ag gabháil a bhuidheachais leis: agus Samáritánach ab eadh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 agus dʼumhlaigh sé go talamh ag cosa Íosa, le buíochas a thabhairt dó. Anois ba Shamaratánach eisean.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Agus chaith sé é féin ar a aghaidh ag a chosa, ag tabhairt bhuidheachais; agus ba Samáiriteánach an fear seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus do thuit sé ar a aghuidh agá chosaibhsean, ag breith bhuidheachais ris: agus budh Samaritánach an fearso.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus chaith sé é féin ar a bhéal a’s ar a aghaidh ag cosaibh Íosa ag gabhail a bhuidheachais leis, agus Samaritánach dob’ eadh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 agus chaith é féin ar a bhéal ag cosa Íosa ag tabhairt buíochais dó. Agus ba Shamárach eisean.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 agus chaith é féin ar a bhéal ag cosa Íosa ag tabhairt buíochais dó. Agus ba Shamárach eisean.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 17:16
21 Tagairtí Cros  

Do chuir Íosa an dáréag sin amach, agus thug sé órdú dhóibh, g‐á rádh, Ná téighidh isteach i slighe na bPágánach, agus na téighidh isteach i gcathrachaibh na Samáritánach;


Agus do chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh i bhfochair a mhátar Muire, agus do shléachtadar dó, agus d’adhradar é, agus ag foscailt a dtaisce dhóibh, thugadar bronntanais dó: ór, agus túis, agus mirr.


Acht tháinig crith‐eagla ar an mnaoi, óir do bhí a fhios aici créad tarla dhí, agus tháinig sí agus do shléacht sí dhó, agus d’innis sí an fhírinne iomlán dó.


Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé, Nár glanadh deichneabhar? acht cá bhfuil an naonbhar?


Acht nuair do chonnaic Síomón Peadar sin, do thuit sé ag glúnaibh Íosa, agus adubhairt sé, Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé.


Agus adubhairt an bhean Shamáritánach leis, Cad chuige dhuit‐se bheith ag iarraidh dighe orm‐sa, ar mhnaoi Shamáritánaigh? (Óir ní bhíonn aon chaidreamh idir na h‐Iúdaigh agus na Samáritánaigh).


ionnas go dtiubhradh gach aoinneach onóir do’n Mhac, fá mar bheireann siad onóir do’n Athair. An té nach dtugann onóir do’n Mhac ní thugann sé onóir do’n Athair do chuir uaidh é.


D’fhreagair na h‐Iúdaigh agus adubhradar leis, Nach maith adeirimíd é gur Samáritánach thú, agus go bhfuil deamhan ionnat?


Acht dogheobhaidh sibh neart nuair thiocfas an Spiorad Naomh oraibh: agus béidh sibh ’n‐bhúr bhfiadhnaidhthibh damh‐sa i nIarúsalem, agus i nIúdaea ar fad, agus i Samária, agus go foirimeall an domhain.


agus ar mhodh go dtuitfidh sé ar a aghaidh faoi agus go n‐adharfaidh sé Dia, g‐á rádh go bhfuil Dia dá ríribh ’n‐bhur measc.


Agus do thuiteas síos ag a chosaibh chum adhradh do dhéanamh dhó; acht adubhairt seisean liom, Seachain, ná déan é: is cóimh‐sheirbhíseach leat‐sa mé, agus led’ bhráithribh go bhfuil fiadhnaise Íosa aca: déan adhradh do Dhia, óir is í fiadhnaise Íosa spiorad na tarngaireachta.


tuiteann an ceathrar seanóir agus fiche síos os cómhair na té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, agus adhrann siad an té mhaireas go saoghal na saoghal, agus caitheann siad a gcoróineacha síos os cómhair na righ‐chathaoireach,


Agus adubhairt na ceithre h‐ainmhidhthe, Amen. Agus do thuit na seanóirí síos agus do rinneadar adhradh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí