Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Apacailipsis (Taispeántadh) 22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do thaisbeáin sé dhom abha uisce na beathadh, chómh deallramhach le criostal, ag teacht amach ó righ‐chathaoir Dé agus an Uain.

2 Agus i lár na sráide, ar gach taobh de’n abhainn, do bhí crann na beathadh, do‐bheireadh dhá thoradh déag, ag tabhairt a thortha uaidh uair san mí: agus d’fhóghain duilleabhar an chrainn chum na cinidheacha do leigheas.

3 Agus ní bhéidh éinnidh malluighthe ann feasta: acht béidh righ‐chathaoir Dé agus an Uain san gcathair: agus déanfaidh a sheirbhísigh seirbhís dó;

4 agus chífidh siad a ghnúis; agus béidh a ainm ar chláraibh a n‐éadain.

5 Agus ní bhéidh aon oidhche ann arís; agus ní bhéidh gábhadh le solas lóchrainn, ná le solas na gréine; óir do‐bhéarfaidh an Tighearna Dia solas dóibh: agus béidh siad ag riaghlú go saoghal na saoghal.

6 Agus adubhairt sé liom, Atá na briathra so ionnraic, fírinneach; an Tighearna, Dia spiorad na bhfáidh, do chuir sé a aingeal uaidh chum na neithe atá le teacht chum críche go luath do nochtadh d’á sheirbhíseachaibh.

7 Agus féach, atáim ag teacht go luath. Is aoibhinn do’n té choimheádas briathra tarngaireachta an leabhair seo.

8 Agus is mise Eoin do chuala agus do chonnaic na neithe seo. Agus nuair chualas agus chonnacas, do thuiteas síos ag adhradh roimh chosaibh an aingil do thaisbeáin na neithe seo dhom.

9 Agus adubhairt seisean liom, Seachain, ná déan é: is cóimh‐sheirbhíseach leat‐sa mé, agus led’ bhráithribh, ná fáidhe, agus leis an dream choimheádas briathra an leabhair seo; déan adhradh do Dhia.

10 Agus adubhairt sé liom, Ná cuir séala ar bhriathraibh tarngaireachta an leabhair seo; óir atá an t‐am i bhfogas.

11 An té do‐ghní an éagcóir, déanadh sé an éagcóir i gcómhnaidhe: an té atá neamh‐ghlan, fanadh sé neamh‐ghlan i gcómhnaidhe: agus an té atá fíréanta agus an té atá naomhtha, déantar é naomhtha i gcómhnaidhe.

12 Féach, atáim ag teacht go luath; agus atá mo luach saothair liom chum cúiteamh do dhéanamh le gach duine do réir a ndearna sé.

13 Is mise an tAlfa agus an tÓmega, an príomhthús agus an foirceann, an tosach agus an deireadh.

14 Is beannuighthe na daoine nigheas a róbaí, chum go mbéidh cead chum crainn na beathadh aca, agus go rachaidh siad thar na geataibh isteach san gcathair.

15 Acht ar an taobh amuigh dhi atá na madraí, agus lucht na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnmharbhthóirí, agus na h‐íodhal‐adhrathóirí, agus gach duine ghrádhuigheas agus chleachtas bréag.

16 Atá m’aingeal curtha agam‐sa, Íosa, chum na neithe seo do dhearbhú dhaoibh ins na h‐eaglaisibh. Is mise fréamh agus sliocht Dáibhí, réalta ghlé‐gheal na maidne.

17 Agus adeir an Spiorad agus an bhean óg nua‐phósta, Tar. Agus an té éisteas, abradh sé, Tar. Agus an té go bhfuil tart air, tagadh sé: an té gur ab áil leis é, glacadh sé uisce na beathadh i n‐aisce.

18 Fógraim do’n uile dhuine chluineas briathra tarngaireachta an leabhair seo, Má chuireann aoinneach tuilleadh leo, go gcuirfidh Dia air‐sean na pláigheanna atá scríobhtha san leabhar so:

19 agus má bhaineann aoinneach éinnidh de bhriathraibh tarngaireachta an leabhair seo, go mbainfidh Dia dhe a chuid de chrann na beathadh, agus de’n naomh‐chathair, an méid atá scríobhtha san leabhar so.

20 An té atá ’n‐a fhiadhnaidhe ar na neithibh seo, adeir sé, Is amhlaidh atá: atáim ag teacht go luath. Amen: tar, a Thighearna Íosa.

21 Go raibh grása an Tighearna Íosa leis na naomhaibh uile. Amen.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí