Agus le linn bheith ’n‐a shuidhe dhó i gcathaoir an bhreitheamhnais, do chuir a bhean teachtaireacht chuige, g‐á rádh, Ná bíodh aon bhaint agat leis an duine fíréanta sin: óir is mór d’fhulaingeas i mbrionglóid indiu mar gheall air.
Lúcás 23:41 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Sinne, go deimhin, san gceart; óir is ag díol as a bhfuil déanta againn atáimíd: acht ní dhearna an fear so mí‐ghníomh ar bith. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus is ceart mar bhreith orainne í, nach bhfaigheann ach an rud a thuill ár ngníomhartha; ach níl rud ar bith as an tslí déanta ag an bhfear seo.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus sinne leoga go ceart, óir fuaireamar an rud a b’airidhe ar ár ngníomhartha; acht ní dhearna sé seo aon olc. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd sinne go deimhin go ceart; (óir fúaramar na neithe do thuilleadar ar ngníomhartha): achd ní dhearna an tési olc ar bith. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Sinne ámhthach, le ceart, mar do tugadh dúinn an rud a bhi tuillte againn; ach níor dhein an duine seo aon droch-nídh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus maidir linne, is le ceart é: tá díol ár mbeart féin dá thabhairt orainn ach ní dhearna sé seo rud ar bith as an tslí.” An Bíobla Naofa 1981 Agus maidir linne, is le ceart é: tá díol ár mbeart féin á thabhairt orainn ach ní dhearna sé seo rud ar bith as an tslí.” |
Agus le linn bheith ’n‐a shuidhe dhó i gcathaoir an bhreitheamhnais, do chuir a bhean teachtaireacht chuige, g‐á rádh, Ná bíodh aon bhaint agat leis an duine fíréanta sin: óir is mór d’fhulaingeas i mbrionglóid indiu mar gheall air.
Agus nuair do chonnaic Píoláid nach raibh aon mhaith dhó ann, acht go raibh gleo ag éirghe, do ghlac sé uisce chuige, agus do nigh sé a lámha i bhfiadhnaise an tsluaigh, g‐á rádh, Ní fhuilim‐se cionntach i bhfuil an fhíréin seo: féachaidh‐se chuige.
Do‐rinneas peacadh, nuair do dhíolas an fhuil neamh‐chionntach. Acht adubhradar‐san, Créad é sin dúinne? Féach féin chuige.
Agus an ceanntúir, agus na daoine do bhí ’n‐a fhochair ag faire ar Íosa, nuair do chonnacadar an crioth talmhan agus gach a dtarla, tháinig eagla mhór ortha,
Acht d’fhreagair an duine eile, agus do cheartuigh sé é, g‐á rádh, An amhlaidh nach bhfuil eagla Dé ort, agus tú fá’n daoir‐bhreith chéadna?
Is fiadhnaidhthe sibh‐se, agus is fiadhnaidhe Dia, leis, ar a naomhthacht, agus ar a ionnraice, agus ar a neamh‐lochtaighe d’iomcharamar sinn féin ’n‐bhur dtaobh‐na chreideas:
Umhluighidh do Dhia, d’á bhrigh sin; acht cuiridh i n‐aghaidh an diabhail, agus teichfidh sé uaibh.
Nuair do cáineadh é, ní dhearna sé athcháineadh; nuair d’fhulaing sé, ní dhearna sé bagairt; acht do chuir sé é féin fá chumhdach an té do‐bheir breitheamhnas ceart: