Séamas 4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Cad as na cogaidhe agus na catha éirigheas eadraibh? Nach as so thig siad, as bhur n‐ainmhiantaibh bhíos ag troid le chéile ’n‐bhur mballaibh beathadh? 2 Bíonn andúil agaibh, agus gan nidh agaibh d’á bárr: bíonn sibh ag marbhadh, agus bíonn éada oraibh, agus ní fhéadann sibh rud d’fhágháil: bíonn sibh ag cómhrac agus ag troid, agus ní bhíonn rud agaibh, de thoisc nach n‐iarrann sibh. 3 Iarrann sibh, agus ní fhaghann sibh, de bhrigh go n‐iarrann sibh go h‐olc, chum bhur n‐ainmhianta do shásamh. 4 A mhná adhaltrannacha, nach eol daoibh gur náimhdeachas i n‐aghaidh Dé cáirdeas an tsaoghail seo? Uime sin, cibé duine gur mian leis bheith ’n‐a charaid do’n tsaoghal so, do‐ghní sé námha Dé dhe féin. 5 Nó an measann sibh gur díomhaoin labhras an scrioptúir, Is le h‐éad shanntuigheas sé an spiorad do chuir sé ’n‐a chómhnaidhe ionnainn? 6 Acht is móide do‐bheir sé grása: uime sin adeir se, Cuireann Dia i gcoinnibh na n‐uaibhreach, acht do‐bheir sé grása do na h‐umhlaibh. 7 Umhluighidh do Dhia, d’á bhrigh sin; acht cuiridh i n‐aghaidh an diabhail, agus teichfidh sé uaibh. 8 Druididh le Dia, agus druidfidh seisean libh. Nighidh bhur lámha, a pheacacha, agus glanaidh bhur gcroidheacha go h‐iomlán, a lucht an dá chómhairle. 9 Bidhidh ag éagcaoineadh, agus ag déanamh bróin, agus ag gol: athruightear bhur ngáiridhe ’n‐a bhrón, agus bhur luthgháir ’n‐a gruaim. 10 Déanaidh sibh féin d’uirísliú i bhfiadhnaise an Tighearna, agus árdóchaidh sé sibh. 11 Ná cáinidh a chéile, a bhráithre. An té cháineas a bhráthair, nó do‐bheir breith ar a bhráthair, cáineann sé an dlighe agus do‐bheir sé breith ar an dlighe: acht má bheireann tú breith ar an dlighe, ní duine umhluigheas do’n dlighe thú, acht is breitheamh thú. 12 Atá aon dligheadóir agus aon bhreitheamh amháin ann, go bhfuil ar chumas dó saoradh agus daoradh: cia thusa do‐bheir breith ar do chómharsain? 13 Féacaidh i leith, sibh‐se adeir, Rachaimíd indiu nó i mbárach isteach ’n‐a leithéid sin de chathair, agus caithfimíd bliadhain innti, agus déanfaimíd tráchtáil, agus gheobhaimíd brabach: 14 agus gan a fhios agaibh créad atá i ndán daoibh i mbárach. Óir cad é bhur saoghal? Is scamall sibh, bhíos le feicsin ar feadh tamaill, agus théid as annsin. 15 Is é rud ba cheart daoibh a rádh ’n‐a ionad sin, Le toil Dé, agus sinn beo, déanfaimíd so nó súd. 16 Acht anois do‐ghní sibh mórdháil ’n‐bhur smaointibh uaibhreacha: droch‐nidh is eadh maoidhmheachas d’á leithéid sin. 17 D’á bhrigh sin, an té gur ab eol dó deigh‐ghníomh do dhéanamh, agus nach ndéanann é, is peacadh dhó é. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society