Le linn cainnte leis an bpobal dó, féach, do bhí a mháthair agus a dhearbhráithre amuigh, agus iad ag iarraidh labhairt leis.
Lúcás 2:48 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do chonnacadar é do bhí iongnadh ortha; agus adubhairt a mháthair leis, A mhic, cad chuige dhuit é seo do dhéanamh orainn? féach, do bhí t’athair agus mise ar do lorg agus buaidhirt an‐mhór orainn. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bʼiontach leo a fheiceáil mar sin; agus is é a dúirt a mháthair leis, “A mhic, cad é sin atá déanta agat orainn? Féach mé féin agus dʼathair do do chuardach agus ár sá imní orainn.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a chonnaic siad-san é, bhí iongantas ortha. Agus dubhairt a mháthair leis: A mhic, cad chuige a ndearna tú seo orainn? Féach, bhí mise agus do athair fá bhrón do chuartughadh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar na fhaicsin dóibh, do ghabh úathbhás iad: agus a dubhairt a mháthair ris, A mhic, créd fá ndearna tú mar so rinn? Féuch, do bhí misi agus dathair lán do dhobhron dod lordaireachd. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí iongna ortha-san nuair a chonacadar é. Agus dubhairt a mháthair leis: A mhic, cad é seo atá déanta agat orainn? Féach, bhí t’athair agus mise go buartha ar do lorg. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chonaic siad é, ghabh iontas iad, agus dúirt a mháthair leis: “A mhic, cad chuige a ndearna tú é seo orainn? Féach, bhí mise agus dʼathair do do lorg go cráite.” An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chonaic siad é, ghabh iontas iad, agus dúirt a mháthair leis: “A mhic, cad chuige a ndearna tú é seo orainn? Féach, bhí d'athair agus mé féin do do lorg go cráite.” |
Le linn cainnte leis an bpobal dó, féach, do bhí a mháthair agus a dhearbhráithre amuigh, agus iad ag iarraidh labhairt leis.
Agus adubhairt seisean leo, Cad chuige a rabhabhar ar mo lorg‐sa? nach raibh a fhios agaibh go gcaithfinn gnótha m’Athar do dhéanamh?
Agus do bhí Íosa féin, ag tosnú ar bheith tuairim deich mbliadhna fichead d’aois, agus do bhí sé (mar raoileadh) ’n‐a mhac ag Seosamh, mic Héli,
Agus thugadar go léir an‐aire dhó, agus do‐rinneadar iongnadh de ghrás na mbriathar tháinig ó n‐a bhéal; agus adubhradar, Nach é mac Sheosaimh é seo?
Fuair Pilib Natanaél, agus adubhairt sé leis, Fuaramar an té úd ar ar scríobh Maois sa reacht, agus na fáidhe, Íosa Nasardha, mac Sheosaimh.