Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 12:46 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

46 Le linn cainnte leis an bpobal dó, féach, do bhí a mháthair agus a dhearbhráithre amuigh, agus iad ag iarraidh labhairt leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

46 Nuair a bhí sé go fóill ag rá na cainte sin leis na daoine, bʼshiúd a mháthair agus a dheartháireacha ina seasamh taobh amuigh, agus iad ag iarraidh dul chun cainte leis.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

46 Agus ar bheith dó go fóill ag labhairt leis na sluaighte, féach, sheasuigh a mháthair agus a bhráithre amuigh, ag iarraidh labhairt leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

46 Agus ar mbeith dhó fós ag labhairt ris an bpubal, féuch, do sheasadar a mhathair, agus a dhearbhraithreacha a muigh, ag íarraidh labhartha ris.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

46 An fhaidh a bhí sé ag caint leis an bpobul, tháinig a mháthair agus a bhráithre amuigh agus iad a d’iarraidh labhairt leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

46 Ag caint mar sin leis na sluaite a bhí sé nuair a tháinig a mháthair agus a bhráithre agus sheas siad amuigh ag iarraidh labhairt leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

46 Ag caint mar sin leis na sluaite a bhí sé nuair a tháinig a mháthair agus a bhráithre agus sheas siad amuigh ag iarraidh labhairt leis.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:46
26 Tagairtí Cros  

Agus mar so is eadh tharla geineamhain Íosa Críost. Iar mbeith d’á mháthair, Muire, luaidhte le Seosamh, sara dtángadar le chéile, frith go raibh sí torrach ó’n Spiorad Naomh.


Agus adubhairt duine éigin leis, Féach, atá do mháthair agus do dhearbhráithre ’n‐a seasamh amuigh, agus iad ag iarraidh labhairt leat.


Nach é seo mac an tsiúinéara? Nach dtugtar Muire ar a mháthair? agus Séamas, agus Seosamh, agus Síomón, agus Iúdás ar a dhearbhráithribh?


Agus do chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh i bhfochair a mhátar Muire, agus do shléachtadar dó, agus d’adhradar é, agus ag foscailt a dtaisce dhóibh, thugadar bronntanais dó: ór, agus túis, agus mirr.


agus adubhairt sé, Éirigh, tóg leat an leanbh óg agus a mháthair, agus imthigh go tír Israel; óir, na daoine do bhí ar tí an leinbh do mharbhadh, atáid‐sean tar éis báis.


Ní fhuaghann aon duine giota d’éadach nua ar shean‐bhrat: má fhuaghann, bainfidh an preabán nua cuid de’n tsean‐éadach dhe, agus is measa‐de an stróic é.


Nach é seo an siúinéir, mac Mhuire, dearbhráthair Shéamais, agus Sheosaimh, agus Iúdáis, agus Shíomóin? agus nach bhfuil a dheirbhsheathracha annso ’n‐ár measc? Agus fuaradar scannal ann.


Agus cionnas d’éirigh dhamh‐sa go dtiocfadh máthair mo Thighearna chugam?


Agus do bhí a athair agus a mháthair ag déanamh ionganta de na neithibh adubhradh ’n‐a thaobh;


agus do bheannuigh Simeon iad, agus adubhairt sé le Muire, a mháthair, Féach, atá sé seo ceaptha chum leagtha agus chum aiséirighthe móráin i nIsrael, agus chum bheith ’n‐a chómhartha go gcuirfear ’n‐a aghaidh;


Agus nuair do chonnacadar é do bhí iongnadh ortha; agus adubhairt a mháthair leis, A mhic, cad chuige dhuit é seo do dhéanamh orainn? féach, do bhí t’athair agus mise ar do lorg agus buaidhirt an‐mhór orainn.


Agus do chuaidh sé síos leo, agus tháinig sé go Nasair; agus do bhí sé umhal dóibh: agus do choimhéad a mháthair na briathra so uile ’n‐a croidhe.


Agus adubhairt sé, Tugadh daoibh‐se rúin‐diamhra ríoghachta Dé d’aithint: acht do dhaoinibh eile i samhlaoidibh; ionnas, ag féachain dóibh nach bhfeicfidís, agus ag éisteacht dóibh nach dtuigfidís.


Mar sin do‐rinne na saighdiúirí. Acht do bhí ’n‐a seasamh i n‐aice croise Íosa a mháthair, agus deirbhshiúr a mháthar, Máire Chléopais, agus Máire Mhagdaléne.


Agus an tríomhadh lá ’n‐a dhiaidh sin do bhí bainis i gCána na Galilé; agus bhí máthair Íosa ann:


I n‐a dhiaidh sin do chuaidh sé síos go Cafarnaúm, é féin, agus a mháthair, agus a bhráithre, agus a dheisceabail: acht níor fhanadar annsin acht beagán laethe.


Adubhairt a mháthair leis na seirbhíseachaibh, Cibé rud adeir sé libh, déanaidh é.


Acht nuair bhí a bhráithre imthighthe suas chum na féile, do chuaidh sé féin suas mar an gcéadna, acht ní dheachaidh go poiblidhe, acht mar bhéadh sé ag dul i ngan fhios.


D’á bhrigh sin adubhairt a bhráithre leis, Fág an áit seo, agus imthigh go h‐Iúdaea, chum go bhfeicfidh do dheisceabail na gníomhartha do‐ghní tú, chómh maith.


Óir níor chreid a bhráithre féin ann.


Do bhíodar uile ag leanamhain de thoil a chéile i n‐urnaighe, mar aon leis na mnáibh, agus le Muire máthair Íosa, agus le n‐a bhráithreachaibh.


Nach bhfuil sé de chead againn siúr do thabhairt mar bhainchéile i n‐éinfheacht linn, mar do‐ghní an chuid eile de na h‐abstalaibh, agus bráithre an Tighearna, agus Céfas?


Acht ní fhacas aon duine eile de na h‐abstalaibh, acht amháin Séamas, dearbhráthair an Tighearna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí