Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 12:45 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

45 Annsin imthigheann sí, agus beireann sí léi seacht spioraidí eile is measa ’ná í féin, agus, téigheann siad isteach, agus cómhnuigheann siad ann: agus is aindeise an duine sin ar deireadh ’ná ar dtús. Agus is mar sin bhéas an scéal ag an droch‐shliocht so.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

45 Imíonn sí léi ansin go nglacann chuici mór-sheisear sprid is measa arís ná í féin, agus téann siad isteach go ndéanann siad cónaí ann; agus is measaide críoch dheireanach an duine úd ná a thús. Is amhlaidh a bheidh leis an nglúin seo an oilc.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

45 Annsin téid sé, agus bheir sé leis seacht spioraid eile níos measa ná é féin, agus ar dhul isteach dóibh, ghní siad cómhnaidhe annsin: agus éirigheann stad deireannach an duine sin níos measa ná a chéad stad. Is mar sin a thárlóchas fosta do’n droch-ghlúin seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

45 Imthighidh sé an tansin, agus do bheir sé seachd spioraide eile is measa ná é féin leis, agus ar ndul a sdeach áitrighid síad ann sin: agus is measa críoch dheigheanach an duine úd ná a thosach. Agus is mar sin teigeamhas don droichgheinealachso.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

45 Ansan imthigheann sé, agus tugann sé leis seacht spioraidí eile is measa ’ná é féin, agus téighid siad isteach, agus cómhnuighid siad sa tigh sin. Agus is measa an cor atá ar an nduine sin sa deire ’ná mar a bhí ar dtúis air. Sin mar a bheidh an sgéal ag an sliocht so atá chómh fíor-olc.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

45 Imíonn sé ansin agus beireann sé in éineacht leis seacht spiorad eile is measa ná é féin: téann siad isteach agus glacann siad áras ann, agus is measa dála an duine sin ar deireadh ná ar dtús. Sin mar a bheidh an scéal ag an drochghlúin seo freisin.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

45 Imíonn sé ansin agus beireann sé in éineacht leis seacht spioraid eile is measa ná é féin: téann siad isteach agus glacann siad áras ann, agus is measa dála an duine sin ar deireadh ná ar dtús. Sin mar a bheidh an scéal ag an drochghlúin seo freisin.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:45
23 Tagairtí Cros  

Acht nuair do‐chuala na Fairisínigh é, adubhradar, Ní chaitheann an fear so na deamhain amach acht tré Bhelsibub, prionnsa na ndeamhan.


Annsin adeir sí, Fillfead ar ais chum mo thighe féin as a dtáinig mé; agus ar dteacht dí, do‐gheibh sí folamh, scuabtha, deisighthe é.


Acht ní féidir deamhan de’n tsórt so do chaitheamh amach acht le h‐urnaighe agus le troscadh.


Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir taistealann sibh muir agus tír chum cómhalta creidimh amháin do dhéanamh; agus nuair éirigheann libh, do‐ghní sibh mac ifrinn de níos dhá mheasa ’ná sibh féin.


A threoraidhthe dalla, scagas an mhíoltóg, agus shloigeas an camall.


Agus nuair d’aiséirigh sé go moch ar maidin, an chéad lá de’n tseachtmhain, do thaisbeán sé é féin ar dtús do Mháire Mhagdaléné, as ar chuir sé amach seacht ndeamhain.


Agus d’fhiafruigh sé dhe, Cad is ainm duit? Agus adubhairt seisean leis, Léigiún is ainm dom; óir is sluagh sinn.


Imthigheann sí annsin agus do‐bheir sí léi seacht spioraidí eile is measa ’ná í féin; agus téid siad‐san isteach agus do‐ghní siad cómhnaidhe ann: agus is measa staid an duine sin sa deireadh ’ná do bhí a chéad staid.


Óir ní le feoil agus le fuil atáimíd ag iomrascáil, acht leis na flaitheasaibh, leis na cumhachtaibh, le tioránachaibh árd‐réime an domhain dorcha so, le sluaighte deamhnaidhe an uilc ins na réigiúnaibh uachtarachta.


Acht ní daoine de’n dream chasas siar agus cailltear sinne, acht daoine de’n dream chreideas chum a n‐anam do shlánú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí