Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 12:44 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 Annsin adeir sí, Fillfead ar ais chum mo thighe féin as a dtáinig mé; agus ar dteacht dí, do‐gheibh sí folamh, scuabtha, deisighthe é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

44 Is é a deir sí ansin, ‘Fillfidh mé ar mo theachsa ar tháinig mé amach as.’ Agus nuair a thagann sí, faigheann sí é agus é folamh, scuabtha, slachtmhar.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

44 Annsin deir sé: Pillfidh mé chun mo thighe as a dtáinic mé amach. Agus ar theacht dó, gheibh sé folamh, scuabtha, agus cóirighthe é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

44 A deir sé an tansin, Fillfidh mé do thigh, as a ttainic mé; agus tar éis teachda dhó, do gheibh sé folumh, sgúabtha, deaghmhaiseach é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Agus deir sé, Raghad tar n-ais chun mo thighe féin as a dtánag amach. Agus tagann sé agus gheibheann sé an tigh folamh agus é sguabtha, glan, órnáideach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

44 Deir sé ansin: ‘Rachaidh mé ar ais chun mo thí as ar tháinig mé amach.’ Agus ar theacht dó, faigheann sé folamh é, scuabtha, maisithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

44 Deir sé ansin: ‘Rachaidh mé ar ais chun mo thí as ar tháinig mé amach.’ Agus ar theacht dó, faigheann sé folamh é, scuabtha, maisithe.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:44
23 Tagairtí Cros  

Nó, cionnas is féidir do dhuine dul isteach i dtigh an fhir láidir, agus a chuid d’fhuadach, muna gceanglaidh sé ar dtús an fear láidir?


Acht an spioraid neamh‐ghlan, nuair théigheas sí as an duine amach, siubhlann sé ar fán tríd na h‐áiteannaibh tiorma, ar lorg suaimhnis, agus ní fhaghann sí é.


Annsin imthigheann sí, agus beireann sí léi seacht spioraidí eile is measa ’ná í féin, agus, téigheann siad isteach, agus cómhnuigheann siad ann: agus is aindeise an duine sin ar deireadh ’ná ar dtús. Agus is mar sin bhéas an scéal ag an droch‐shliocht so.


Agus ar dteacht dí, do‐gheibh sí an teach scuabtha, deisighthe.


Ní h‐é go raibh spéis aige ins na bochtaibh go ndubhairt sé sin; acht gur ghadaidhe é, agus gurbh é do bhí i mbun bosca an airgid, agus go mbíodh sé ag goid a gcuirtidhe ann.


Agus le linn an tsuipéir, agus an diabhal tar éis a chur i gcroidhe Iúdáis Iscariót Shíomóin, é do bhrath,


Agus i ndiaidh an ghiota, do chuaidh Sátan isteach ann, agus adubhairt Íosa leis, An nidh atá le déanamh agat, déan gan mhoill é.


Óir ní féadfaidhe gan siosmaí bheith ’n‐bhur measc, chum go nochtfaidhe iad‐san ’n‐bhur measc atá fírinneach.


’n‐a raibh sibh ag siubhal roimh ré do réir cúrsa an tsaoghail seo, do réir prionnsa cumhachta an aeir, an spiorad atá ag oibriú anois i gclainn na h‐easumhlachta.


Do chuadar amach as ár measc, acht níor dhaoine dhínne iad; óir dá mba daoine dhínn iad d’fhanfaidís i n‐éinfheacht linn; acht d’imthigheadar chum go mba léir nach daoine dhínne iad uile.


Is ó Dhia atá sibh‐se, a chlann bheag, agus atá buaidhte agaibh ortha‐san: óir is treise an té atá ionnaibh‐se ’ná an té atá san tsaoghal.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí