Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 12:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Mar sin do’n té chruinnigheas stór dó féin, agus nach bhfuil saidhbhreas i nDia aige.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Is amhlaidh don té a bhíos ag cruinniú stóir mar mhaithe leis féin, agus nach mbíonn saibhir le haghaidh Dé.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Is amhlaidh a bhíos an té a thaiscigheas dó féin, agus nach mbíonn saidhbhir chun Dé.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Is mar sin atá an té chrunnigheas ionnmhas dó féin, agus nach bhfuil sáidhbhir a Ndiá.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Sin mar atá ag an t-é a dheineann stór dó féin agus ná bíonn saidhbhir chun Dé.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Sin mar a bhíonn ag an té a thaisceann a chuid in ionad é féin a dhéanamh saibhir de réir Dé.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Sin mar a bhíonn ag an té a thaisceann a chuid in ionad é féin a dhéanamh saibhir de réir Dé.”

Féach an chaibidil



Lúcás 12:21
14 Tagairtí Cros  

Díolaidh a bhfuil agaibh, agus tabhraidh déirc; déanaidh dhaoibh féin sparáin nach gcaithfear le h‐aois, stór ins na flaitheasaibh nach n‐ídeochar, san áit nach ndruideann gadaidhe i n‐aice leis, agus nach milleann an leamhan ann.


D’á bhrigh sin, muna rabhabhar dílis i saidhbhreas na ceilge, cia chuirfeas fá n‐bhúr gcúram an saidhbhreas fírinneach?


Acht is mairg daoibh‐se atá saidhbhir! óir atá bhúr sólás agaibh cheana féin.


Acht do réir do dhúine agus do chroidhe aindiuidigh atáir ag cur feirge i dtaisce dhuit féin fá chómhair lae na dibheirge, nuair foillseochar ceart‐bhreitheamhnas Dé:


mar dhaoine brónacha, acht ag déanamh áthais i gcómhnaidhe; mar dhaoine bochta, acht ag bronnadh saidhbhris ar a lán; mar dhaoine nach bhfuil rud ar bith aca, acht gur leo gach uile rud.


Acht na daoine gur rún leo bheith saidhbhir, tuiteann siad i gcathú, agus i ngaiste, agus ’n‐a lán ainmhianta éigciallaidhe, díoghbhálach, bhádhas daoine i n‐aimhleas agus i ndamnú.


Éistidh, a bhráithre ionmhaine, nár thóg Dia bochta an tsaoghail chum bheith saidhbhir fá chreideamh agus chum bheith ’n‐a oidhribh de’n ríoghacht atá geallta aige do na daoinibh ghrádhuigheas é?


Is eol dom t’anró, agus do bhochtaine (acht atáir saidhbhir), agus maslú an dreama adeir gur Iúdaigh iad, agus nach eadh, acht gur sionagóg Shátain iad.