Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

2 Corantaigh 6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus ag obair i n‐éinfheacht leis dúinne, impighmíd oraibh gan grása Dé do ghlacadh go díomhaoin.

2 Óir dubhairt sé, I n‐am oireamhnach d’éisteas leat, Agus i ló an tslánuighthe do chabhruigheas leat. Féach, anois an t‐am oireamhnach; féach, anois lá an tslánuighthe; gan adhbhar tuislidh do thabhairt d’aon duine,

3 chum nach bhfaghtar locht ar ár miniostrálacht;

4 acht cruthaimís gur seirbhísigh Dé sinn, i bhfoighid mhóir,

5 i gcruadhtan, i riachtanas, i ngéibheann, i mbuillibh, i bpríosúnaibh, i n‐achrannaibh, i ndian‐tsaothar, i bhfaireachán, i dtroscaidhibh;

6 i ngeanmhaidheacht, i n‐eolas, i bhfad‐fhulang, i gcáirdeamhlacht, san Spiorad Naomh,

7 le grádh gan ceilg, i mbriathar na fírinne, i gcumhacht Dé; le h‐armaibh fíréantachta i gcómhair na láimhe deise agus clé,

8 fá onóir agus fá easonóir, fá dheagh‐chlú agus fá mí‐chlú; mar mhealltóirí,

9 acht mar dhaoine fíora; mar dhaoine nach n‐aithnightear, acht aithnightear ’n‐a aimhdheoin sin; mar dhaoine atá ag saothrú an bháis, agus, féach, atáimíd beo; mar dhaoine curtar fá smacht, gan bheith marbhtha;

10 mar dhaoine brónacha, acht ag déanamh áthais i gcómhnaidhe; mar dhaoine bochta, acht ag bronnadh saidhbhris ar a lán; mar dhaoine nach bhfuil rud ar bith aca, acht gur leo gach uile rud.

11 A Choirinnteacha, atá ár mbéal ar fhoscailt daoibh, atá fairsinge croidhe againn.

12 Ní fhuil aon chumhangas croidhe againn ’n‐bhur dtaobh, acht is ’n‐bhur gcroidheachaibh atá an cumhangas.

13 Anois, chum cúiteamh de’n tsaghas céadna do thabhairt damh‐sa (ag labhairt mar labharfainn lem’ cháirdibh féin atáim), bidhidh fairsing mar an gcéadna.

14 Ná bidhidh fá chuing i n‐éinfheacht le lucht dí‐chreidimh: óir cia an cáirdeas atá ag fíréantacht le h‐éagcóir? nó cia an cumann atá ag an solas leis an dorchacht?

15 Agus cia an chómhaontú atá ag Críost le Bélial? nó cia an chuid atá ag an duine chreideas agus ag an duine nach gcreideann le chéile?

16 Agus cia an cóimhcheangal atá idir teampall Dé agus íodhla? óir is sinne teampall Dé bhí; mar adubhairt Dia, Déanfad cómhnaidhe ’n‐a measc, agus siubhalfad ’n‐a measc; béidhead‐sa im’ Dhia aca, agus béidhid‐sean ’n‐a bpobal agam‐sa.

17 D’á bhrigh sin, Tagaidh amach as a lár, Agus bidhidh ar deaghailt, Adeir an Tighearna, Agus ná bíodh aon bhaint agaibh leis an rud neamh‐ghlan; Agus glacfad chugam sibh,

18 Agus béidhead mar Athair agaibh, Agus béidh sibh‐se mar chlann‐mhac agus mar chlann‐inghean agam, adeir an Tighearna Uile‐chumhachtach.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí