Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

1 Tiomóid 6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Measadh siad‐san uile atá fá chuing na sclábhaidheachta gur fiú a máighistrí féin gach urraim, chum nach bhfaighidh ainm Dé agus an teagasc scannal.

2 Agus an méid go bhfuil máighistrí chreideas aca, ná bíodh dí‐mheas aca ortha, toisc gur bráithre iad; acht go mb’ fhearrde an tseirbhís dhéanfas siad dóibh é, toisc gur creidmhigh ion‐ghráduighthe na daoine bhaineas an tairbhe as a seirbhísí. Múin agus mol na neithe seo.

3 Má mhúineann aoinneach a mhalairt de theagasc, agus muna gclaoidheann sé le briathraibh fóghanta, briathra ár dTighearna Íosa Críost, agus leis an teagasc atá do réir crábhaidh;

4 atá sé lán d’uabhar, ní fhuil aon eolas aige; acht atá sé ar mearbhall fá cheisteannaibh, agus fá fhoclaibh achrannacha, ó n‐a bhfásann formad, aighneas, masla, droch‐amhras,

5 conspóidí daoine droch‐aigeantach atá dall ar an bhfírinne, mheasas gur adhbhar tairbhe an crábhadh.

6 Acht is mór an t‐adhbhar tairbhe an crábhadh, acht sástacht aigne bheith i n‐éifheacht leis:

7 óir ní thugamar rud ar bith isteach san tsaoghal, agus ní fhéadaimíd rud ar bith do bhreith linn as;

8 acht má tá biadh agus clúdach againn, is leor dúinn sin.

9 Acht na daoine gur rún leo bheith saidhbhir, tuiteann siad i gcathú, agus i ngaiste, agus ’n‐a lán ainmhianta éigciallaidhe, díoghbhálach, bhádhas daoine i n‐aimhleas agus i ndamnú.

10 Óir fréamh an uile shaghais uile is eadh grádh an airgid, agus g‐á shanntú do dhaoinibh áirithe, do chuadar ar fán ó’n gcreideamh, agus is iomdha arraing le n‐ar tholladar iad féin.

11 Acht, a dhuine le Dia, seachain‐se na neithe sin; agus lean de’n fhíréantacht, de’n diadhacht, de’n ghrádh, de’n fhoidhne, de’n cheannsacht.

12 Troid deagh‐chómhrac an chreidimh, beir greim ar an mbeathaidh shíorraidhe chum ar glaodhadh thú, agus go ndearnais admháil mhaith dhi i láthair a lán fiadhnaidhthe.

13 Órduighim duit i bhfiadhnaise Dé, do‐bheir beatha do’n uile nidh, agus i bhfiadhnaise Íosa Críost do rinne admháil mhaith i láthair Phoint Phíoláid,

14 an aithne seo do choimheád gan smál, gan locht go teacht ár dTighearna Íosa Críost:

15 fhoillseochas sé ’n‐a am féin, an t‐aon Árd‐Riaghlóir beannuighthe amháin, Rí na Ríogh, agus Tighearna na dTighearna;

16 an té amháin ag a bhfuil an do‐mharbhthacht, chómhnuigheas i solas do‐shroichte; an té nach bhfaca súil duine ariamh, agus nach bhféadann aon duine a fheicsin: dó‐san go raibh an onóir agus an chumhacht síorraidhe. Amen.

17 Órduigh do na daoinibh go bhfuil saidhbhreas aca san tsaoghal so gan bheith árd‐aigeantach, gan a muinighin do chur as an saidhbhreas so‐ghluaiseachta, acht as Dia do‐bheir gach nidh go fial dúinn chum ár sástachta:

18 maitheas do chleachtadh, bheith saidhbhir i ndeagh‐ghníomharthaibh, bheith fial, fairsing;

19 ag cnuasach ciste dhóibh féin bhéas mar bhun daingean aca i gcómhair an ama atá le teacht, chum go bhfaighidís greim ar an mbeathaidh fhírinnigh.

20 A Thimóteuis, coimheád a bhfuil curtha mar chúram ort, ag seachaint baoth‐chainnte neamh‐dhiadha, agus contrárdhachta an nidh go dtugtar eolas go bréagach air:

21 gur ghlac daoine áirithe leis, go ndeachadar ar seachrán i dtaobh an chreidimh. Grása go raibh libh.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí