Is aoibhinn dóibh‐sean ar a bhfuil ocras agus tart chum fíréantachta, mar do‐gheobhaid a sáit.
Lúcás 1:53 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Do líon sé lucht an ocrais d’oll‐mhaitheasaibh; Agus do chuir sé folamh uaidh lucht an tsaidhbhris. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Líon sé lucht an ocrais le maitheasaí, agus chuir sé uaidh lucht an tsaibhris agus iad folamh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Líon sé le neithe maithe an méid a raibh ocras ortha, agus chuir sé na saidhbhre ar shiubhal folamh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do líon sé na dáoine ocracha lé, neithibh maithe; agus do chuir sé úadh na dáoine saidhbhre folumh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Do líon sé le neithibh fóghanta lucht an ocrais, agus chuir sé chun siubhail folamh lucht an tsaidhbhris. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe, agus chuir sé na saibhre uaidh folamh. An Bíobla Naofa 1981 Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe, agus chuir sé na saibhre uaidh folamh. |
Is aoibhinn dóibh‐sean ar a bhfuil ocras agus tart chum fíréantachta, mar do‐gheobhaid a sáit.
Is aoibhinn daoibh‐se ar a bhfuil ocras anois: óir sásóchar sibh. Is aoibhinn daoibh‐se atá ag gol anois: óir do‐ghéanaidh sibh gáiridhe.
Adubhairt Íosa leo, Is mise arán na beathadh: an té thig chugam‐sa, ní bhéidh ocras go bráth air, agus an té chreideas ionnam‐sa, ní bhéidh tart go bráth air.
Óir cuimhnighidh ar bhur ngairm, a bhráithre, cionnas nach ngairmthear mórán díobh‐san atá glic do réir na feola, ná mórán de lucht cumais, ná mórán de lucht uaisleachta;
Atá bhur sáith agaibh cheana, atá sibh saidhbhir cheana, atá sibh suidhte i gcoróin cheana gan fanamhain linn; agus go deimhin dob’ fhearr liom sibh bheith suidhte i gcoróin, chum go mbéimís‐ne i gcoróin i n‐éinfheacht libh.