1 Corantaigh 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Pól, fuair gairm mar abstal Íosa Críost tré thoil Dé, 2 agus Sostenes ár mbrátair, chum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, chum na ndaoine atá naomhuighthe i nÍosa Críost, do glaodhadh chum bheith’n‐a naomhaibh, maille leis na daoinibh uile ins gach áit ghlaodhas ar ainm Íosa Críost, a dTighearna‐san agus ár dTighearna féin: 3 Grása dhaoibh, agus síothcháin ó Dhia ár nAthair, agus ó’n Tighearna Íosa Críost. 4 Do‐bheirim buidheachas i gcómhnaidhe lem’ Dhia ’n‐bhur dtaobh, as ucht grása Dé tugadh dhaoibh i nÍosa Críost; 5 de bhrigh go bhfuair sibh saidhbhreas ann ins an uile nidh, i mbriathraibh béil agus i n‐eolas de gach cineál; 6 do réir mar daingnigheadh fiadhnaise Chríost ionnaibh; 7 ar mhodh nach bhfuil bronntanas ar bith i n‐easnamh oraibh; ag fanamhain daoibh go bhfoillsighthear ár dTighearna Íosa Críost; 8 an té dhaingneochas sibh go deireadh, chum go mbéidh sibh gan locht i ló ár dTighearna Íosa Críost. 9 Atá Dia fírinneach, tré n‐ar glaodhadh sibh isteach i gcómhchumann a Mhic Íosa Críost ár dTighearna. 10 Anois, a bhráithre, athchuinighim oraibh, i n‐ainm ár dTighearna Íosa Críost, bheith ar aon fhocal eadraibh uile, gan deaghailt bheith eadraibh; acht sibh bheith i gcómhaontachas le chéile, ar aon intinn agus ar aon chéill. 11 Óir do h‐inniseadh dhom ’n‐bhur dtaobh, a bráithre, ó mhuinntir Chlóé, go bhfuil éada oraibh le chéile. 12 Is é seo adeirim, go n‐abrann gach duine agaibh, Is le Pól mise; nó, is le h‐Apollos mise; nó is le Céfas mise; nó, is le Críost mise. 13 An amhlaidh atá Críost roinnte? An é Pól do céasadh ar bhur son? nó, an i n‐ainm Phóil do baisteadh sibh? 14 Do‐bheirim buidheachas le Dia nár bhaisteas duine agaibh acht Crispus agus Gáius, 15 ar eagla go n‐abróchadh aoinneach gur im’ ainm‐se do baisteadh sibh. 16 Do bhaisteas muinntear Steafáin, leis; thairis sin ní dóigh liom gur bhaisteas duine eile ar bith. 17 Óir ní chum baiste do dhéanamh do chuir Críost uaidh mé, acht chum an soiscéal do chraobhscaoileadh: ní h‐é le gliocas cainnte, ar eagla go ndéanfaidhe neamhnidh de chrois Chríost. 18 Óir do’n dream atá ag dul amugha is ionann briathar na croise agus díth‐céille; acht dúinne atá d’ár slánú is í cumhacht Dé í. 19 Mar atá scríobhtha, Scriosfad‐sa eagna na n‐eagnaidhe, Agus cuirfead tuigse na dtuigseanach ar neamhnidh. 20 Cá bhfuil an t‐eagnaidhe? cá bhfuil an scríobhaidhe? cá bhfuil fear iomarbhágha an tsaoghail seo? Nach bhfuil díth‐céille déanta ag Dia d’eagna an tsaoghail seo? 21 Óir ó thárla, tré eagna Dé, nár aithnigh an saoghal Dia de chionn a eagnaidheachta, ba toil le Dia na daoine chreideas do shlánú tré dhíth‐céille na teachtaireachta. 22 Óir gidh go n‐iarrann na h‐lúdaigh cómhartha, agus go n‐iarrann na Gréagaigh eagna: 23 fógraimíd‐ne Críost, agus é céasta, ’n‐a cheap tuislidh do na h‐lúdachaibh, agus ’n‐a dhíth‐céille do na Gréagachaibh; 24 acht ’n‐a chumhacht Dé do na daoinibh, idir lúdachaibh agus Ghréagachaibh, fuair an ghairm. 25 De bhrigh gur glice díth‐céille Dé ’ná daoine; agus gur treise laige Dé ’ná daoine. 26 Óir cuimhnighidh ar bhur ngairm, a bhráithre, cionnas nach ngairmthear mórán díobh‐san atá glic do réir na feola, ná mórán de lucht cumais, ná mórán de lucht uaisleachta; 27 acht gurbh amhlaidh do thogh Dia neithe amaideacha an tsaoghail chum adhbhar náire do dhéanamh de na neithibh cumasacha; 28 agus do thogh Dia neithe suaracha an tsaoghail, agus na neithe atá fá tharcuisne, agus na neithe féin nach bhfuil ann, do thogh Dia iad chum na neithe atá ann do chur ar neamhnidh: 29 chum nach ndéanfadh feoil ar bith maoidhmheachas i bhfiadhnaise Dé. 30 Óir is tríd‐sean atá sibh i nÍosa Críost, an té do‐rinneadh eagna ó Dhia dhúinn mar fhíréantacht, agus mar naomhthacht, agus mar fhuascailt: 31 chum, mar átá scríobhtha, An té do‐ghní maoidhmheachas, go ndéanfadh sé san Tighearna é. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society