Béarfaidh sí mac, agus do‐bhéarfaidh tú ÍOSA mar ainm air, óir slánóchaidh sé a phobal ó n‐a bpeacaidhibh.
Lúcás 1:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht adubhairt an t‐aingeal leis, Ná bíodh eagla ort, a Shachariais: óir do h‐éisteadh led’ ghuidhe, agus béarfaidh do bhean Elisabet mac duit, agus glaodhfair Eoin mar ainm air. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach is é a dúirt an t‑aingeal leis, “Ná bíodh aon eagla ort, a Shecaría,” ar seisean, “mar tá éiste le dʼurnaí, agus béarfaidh do bhean Elisabét mac duit, agus gairfidh tú Eoin de mar ainm. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht dubhairt an t-aingeal leis: Ná bíodh eagla ort, a Shacaire, óir h-éisteadh do urnaighe; agus béarfaidh do bhean, Elisabet, mac duit, agus bhéarfaidh tú Eoin mar ainm air. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd a dubhairt an taingeal ris, Ná bíodh eagla ort, a Shacharías: óir do héisdeadh húrnuighe; agus béaruidh do bhean Elisábet mac dhuit, agus do bhéara tú Eóin mar ainm air. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt an t-aingeal leis: Ná bíodh eagal ort, a Shacariais, óir tá éistithe le t’ ghuidhe, agus béarfaidh do bhean, Elisabet, mac duit, agus tabharfair Eóin mar ainim air; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dúirt an t-aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zacairiá, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air. An Bíobla Naofa 1981 Ach dúirt an t‑aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zachairias, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air. |
Béarfaidh sí mac, agus do‐bhéarfaidh tú ÍOSA mar ainm air, óir slánóchaidh sé a phobal ó n‐a bpeacaidhibh.
Acht do labhair Íosa leo ar an láthair, agus adubhairt sé, Bíodh meisneach agaibh; is mise atá ann; ná bíodh eagla oraibh.
Agus d’fhreagair an t‐aingeal agus adubhairt sé leis na mnáibh, Ná bíodh aon eagla oraibh: tá a fhios agam go bhfuil sibh ar lorg Íosa, an té do céasadh.
Agus adubhairt seisean leo, Ná bíodh eagla oraibh: atá sibh ar lorg Íosa Nasardha, an té do céasadh: d’éirigh sé; ní fhuil sé annso; féachaidh an áit ’n‐ar chuireadar é!
Agus béidh áthas agus luthgháir ort; agus béidh gáirdeachas ar mhórán de bhárr a bhreithe.
Agus adubhairt an t‐aingeal léi, Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuarais grás ó Dhia.
Agus nuair do bhí na h‐ocht laethe caithte chum an leanbh do thimcheall‐ghearradh, tugadh ÍOSA mar ainm air, an t‐ainm thug an t‐aingeal air sarar geineadh é i mbroinn.
agus adubhairt sé, A Chornéliuis, do h‐éisteadh led’ ghuidhe, agus do cuimhnigheadh ar do chuid déirce i láthair Dé.