Ach do chonaic Íosa a smuínte, agus dubhairt sé leó: Gach righeacht a bheidh deighilte ’n-a choinnibh féin déanfaidh fásach dé; agus gach cathair, nó gach teighleach, a bheidh deigilte i gcoinnibh a chéile, ní sheasóchaidh sé;
Matha 9:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus ó chonaic Íosa na smuínte a bhí acu, dubhairt sé: Cad chuige dhaoibh na droch-smuínte bheith i nbhúr gcroidhthibh agaibh? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach ba léir dʼÍosa na smaointe a bhí ina gcroíthe, agus dúirt sé, “Cad chuige a mbíonn na drochsmaointe seo agaibh in bhur gcroíthe? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar fheiceáil a smaointe do Íosa, dubhairt sé: Cad chuige a bhfuil droch-smaointe agaibh i bhur gcroidhthe? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair thug Íosa fá ndeara na smaointe do bhí aca, adubhairt sé, Cad chuige dhaoibh bheith ag smaoineadh go h‐olc i n‐bhúr gcroidheachaibh? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do chunnairc Iósa a smúaintighthe a dubhairt sé, Créud fá smúaintighthisi uilc ann bhur gcroidhthibh? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach bhí a fhios ag Íosa cad a bhí ina gcroí agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil na smaointe mallaithe seo in bhur gcroí? An Bíobla Naofa 1981 Ach bhí a fhios ag Íosa cad a bhí ina gcroí agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil na smaointe mallaithe seo in bhur gcroí? |
Ach do chonaic Íosa a smuínte, agus dubhairt sé leó: Gach righeacht a bheidh deighilte ’n-a choinnibh féin déanfaidh fásach dé; agus gach cathair, nó gach teighleach, a bheidh deigilte i gcoinnibh a chéile, ní sheasóchaidh sé;
Ach do chonaic sé an feall a bhí ionta, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith am’ brath? Tugaidh chugham píosa airgid go bhfeicead é.
Agus bhí a fhios ag Íosa láithreach, i n-a spioraid féin, an machtnamh a bheith ’n-a n-aigne acu-san, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh an machtnamh san a bheith i nbhúr gcroidhe agaibh?
Agus, ó chonaic sé na smuínte a bhí acu, dubhairt sé leó: Gach rígheacht a bheidh deighilte coinnibh féin, dhéanfaidh fásach de, tuitfidh tigh ar thigh.
Ach ó bhí fios a smuínte ag Íosa d’fhreagair sé iad agus dubhairt: Cad chuige an machtnamh so i nbhúr gcroidhe agaibh?
Ach bhí fhios a smuínte aige, agus dubhairt sé leis an nduine n-a raibh an lámh sheirgthe aige: Eirigh, agus seasaimh i lár baill. Agus d’eirigh agus do sheasaimh.
Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leis: A Shímóin, tá nídh agam le rádh leat. Agus dubhairt seisean: Abair é, a Mháighistir.
Agus bhí fhios ag Íosa gur mhian leó é cheistiú; agus dubhairt sé leó: Táthaoí ag ceistiúchán eadraibh féin i dtaobh an fhocail sin adubhart: Tamall beag, agus ní fheicsidh sibh mé; agus, tamall, beag airís, agus chífidh sibh mé.
Tá fhios againn anois go bhfuil fios gach uile nídh agat, agus nách gádh dhuit aoinne bheith ’ghad’ cheistiú: as so creidimíd gur ó Dhia a ghluaisís.
Dubhairt sé leis: Dein m’ uain do chothú. Dubhairt sé leis an trímhadh h-uair: A Shímóin mhic Eóin, an bhfuil grádh agat dom? Tháinigh buairt ar Pheadar, toisg é ’ghá rádh leis an trímhadh h-uair: An bhfuil grádh agat dom? Agus dubhairt sé leis: A Thighearna, tá fios gach uile nídh agat-sa; tá ’fhios agat go bhfuil grádh agam duit. Dubhairt sé leis: dein mo chaoire do chothú.
Agus a lán d’á dheisgiobuil, nuair airigheadar an chaint, dubhradar: Is cruaidh an chaint í sin, agus cé fhéadfadh éisteacht léi?
Isé an spioraid a dheineann beódhadh. Ní dheineann an fheóil tairbhthe ar bith. Na focail atá ráidhte agam libh, spioraid agus beatha iseadh iad.
Dubhairt Peadar léi: Cad a bhain daoibh gur dheineabhair fromhadh ar Spioraid an Tighearna? Siniad ag an ndorus cosa na ndaoine atá tar éis t’fhir a chur, agus béarfaid siad tusa amach.