Ansan do tugadh chuige duine go raibh deamhan ann, agus bhí sé dall agus balbh; agus do leighis sé é, i dtreó go raibh radharc agus urlabhra aige.
Matha 8:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan, nuair a tháinig an tráthnóna, thugadar ag triall air a lán daoine go raibh deamhain ionta; agus bhí sé ag díbirt na ndeamhan le n-a fhocal, agus ag leigheas na ndaoine a bhí as a sláinte; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) An tráthnóna úd tugadh chuige mórán a raibh deamhain ina gcoirp; agus dhíbir sé na deamhain le haon bhriathar amháin, agus leigheas sé a raibh breoite. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a tháinic an tráthnóna, thug siad chuige mórán a raibh deamhain ionnta: agus theilg sé amach na spioraid le n-a fhocal: agus leigheas sé an méid a bhí easlán: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, tugadh chuige a lán daoine i n‐a raibh deamhain: agus do chaith sé amach na spioraide le n‐a fhocal, agus do leigheas sé na daoine do bhí breoite: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd an tan do bhí déireadh an láoi ann, tugadar chuige móran ann a rabhadar deamhain: agus do theilg sé na spioruidighe a mach lé na fhocal, agus do shlánaighe sé gach uile dhuine dá raibh easlán. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a bhí an tráthnóna ann, thug siad chuige mórán a raibh deamhain iontu, agus thiomáin sé na spioraid amach lena fhocal, agus iad seo uile a bhí tinn leigheas sé iad, An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhí an tráthnóna ann, thug siad chuige mórán a raibh deamhain iontu, agus thiomáin sé na spioraid amach lena fhocal, agus iad seo uile a bhí tinn leigheas sé iad, |
Ansan do tugadh chuige duine go raibh deamhan ann, agus bhí sé dall agus balbh; agus do leighis sé é, i dtreó go raibh radharc agus urlabhra aige.
Agus tháinig sé amach agus chonaic sé an tsluagh mhór, agus tháinig truagh aige dhóibh, agus do leighis sé na daoine gan sláinte a bhí ortha.
Agus do rug sé ar láimh uirthi, agus d’imthigh an t-éagcruas di, agus d’eirigh sí, agus dhein sí friothálamh ortha.
Agus do rith na h-aodhairí; agus thánadar isteach sa chathair, agus d’innseadar gach nídh, agus i dtaobh na beirte go raibh na deamhain ionta.
Agus féach, do thugadar ag triall air, sínte ar thocht, fear a bhí gan lúth. Agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu dubhairt sé leis an bhfear gan lúth: Glac misneach, a mhic, táid do pheacaí maithte dhuit.
Agus tháinig daoine chuige agus duine a bhí gan lúth a ghéag acu, d’á iompar idir cheathrar.
Agus do sgread sé, agus d’oibrigh sé é go h-ana-dhian, agus d’imthigh sé amach as; agus bhí sé mar a bheadh sé marbh, i dtreó go ndubhairt a lán: Tá sé marbh.
Agus nuair a chonaic Íosa í do ghlaoidh sé chuige uirthi, agus dubhairt sé léi: A bhean, táir sgartha led’ghearán.
Agus tar éis dul gréine fé, an mhuintir go raibh daoine gan sláinte acu nó go raibh aon tsaghas daoine breóite acu bhíodar ’ghá dtabhairt chuige; agus chuireadh sé a lámh ar gach duine acu agus leighiseadh sé iad.
Agus nuair a bhíodh na deamhain ag imtheacht amach as a lán daoine bhídís ag liúirigh, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smachtuigheadh sé iad agus ní leigeadh sé dhóibh labhairt, óir d’aithnighdís gur bh’é Críost e.
I dtreó gur amach ar na sráidibh, ar thochtaibh agus as shúsaíbh, a curtí na daoine breóite, ionus, nuair a bhead Peadar ag teacht, dá mba ná déanfad ach a sgáil tuitim an dhuine acu go léighisfí ó n-a mbreóiteacht iad.