Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Nuair a bhí an tráthnóna ann, thug siad chuige mórán a raibh deamhain iontu, agus thiomáin sé na spioraid amach lena fhocal, agus iad seo uile a bhí tinn leigheas sé iad,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 An tráthnóna úd tugadh chuige mórán a raibh deamhain ina gcoirp; agus dhíbir sé na deamhain le haon bhriathar amháin, agus leigheas sé a raibh breoite.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Agus nuair a tháinic an tráthnóna, thug siad chuige mórán a raibh deamhain ionnta: agus theilg sé amach na spioraid le n-a fhocal: agus leigheas sé an méid a bhí easlán:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, tugadh chuige a lán daoine i n‐a raibh deamhain: agus do chaith sé amach na spioraide le n‐a fhocal, agus do leigheas sé na daoine do bhí breoite:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Achd an tan do bhí déireadh an láoi ann, tugadar chuige móran ann a rabhadar deamhain: agus do theilg sé na spioruidighe a mach lé na fhocal, agus do shlánaighe sé gach uile dhuine dá raibh easlán.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Ansan, nuair a tháinig an tráthnóna, thugadar ag triall air a lán daoine go raibh deamhain ionta; agus bhí sé ag díbirt na ndeamhan le n-a fhocal, agus ag leigheas na ndaoine a bhí as a sláinte;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Nuair a bhí an tráthnóna ann, thug siad chuige mórán a raibh deamhain iontu, agus thiomáin sé na spioraid amach lena fhocal, agus iad seo uile a bhí tinn leigheas sé iad,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:16
17 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt sé: “Má éisteann tú go cáiréiseach le glór an Tiarna do Dhia agus a bhfuil ceart ina láthair a dhéanamh agus aird a thabhairt ar a aitheanta agus a reachtanna a choimeád, ní dhéanfaidh mé aon cheann de na holca a d'imir mé ar na hÉigiptigh a imirt ort; mar is mise an Tiarna do shlánaitheoir.”


Tugadh chuige ansin duine a raibh deamhan ann, é dall agus balbh. Leigheas sé é; tháinig a chaint don bhalbh agus a radharc.


Ar theacht i dtír dó, chonaic sé slua mór agus ghlac sé trua dóibh agus leigheas na hothair a bhí leo.


Chuir sé a lámh ar a láimh, d'fhág an fiabhras í, d'éirigh sí agus rinne sí freastal air.


Theith na mucaithe, chuaigh siad isteach sa chathair agus d'inis siad an scéal ar fad agus mar gheall ar na deamhnaígh.


Tugadh pairiliseach chuige ina luí ar leaba. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: “Bíodh misneach agat, a mhic! tá do pheacaí maite.”


Tháinig daoine ag tabhairt pairilisigh chuige ar iompar idir ceathrar.


óir bhí sé á rá leis: “Gabh amach as an duine, a spioraid mhíghlain.”


Nuair a chonaic Íosa slua ag bailiú go tapa, labhair sé go bagrach leis an spiorad míghlan agus dúirt leis: “A spioraid bhailbh bhodhair, táim á ordú duit, gabh amach as agus ná tar ann go deo arís.”


Nuair a chonaic Íosa í, ghair sé chuige í agus dúirt léi: “A bhean, tá tú fuascailte ó d'éagruas,”


Ar dhul faoi don ghrian, cách a raibh daoine acu a bhí tinn ó aon sort galair, thug siad chuige iad; chuir sé a lámha ar gach duine acu agus leigheas iad.


Agus bhí mórán freisin, a n‑imíodh na deamhain amach astu, ag screadach agus ag rá: “Is tú Mac Dé.” Agus labhair sé leo go bagrach agus níor lig dóibh labhairt, óir bhí a fhios acu gurbh é an Críost é.


sa tslí go mbíodh na hothair á dtabhairt amach ar na sráideanna acu agus á síneadh ar réleapacha agus ar shráideoga le súil, nuair a bheadh Peadar ag gabháil thar bráid, go luífeadh a scáil féin ar dhuine éigin acu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí