Féach, mo sheirbhíseach, an t-é a thoghas, an t-é is ionmhuin liom, an t-é ar a bhfuil greann ó m’anam. Cuirfead mo spioraid air, agus fógróchaidh sé breitheamhantas dos na geintibh.
Matha 3:17 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus féach, guth as na flathais adubhairt: Isé seo mo mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus bʼshiúd an glór ó neamh, á rá, “Is é seo mo mhac ionúin; a bhfuil toil agam ann.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus féach, guth as na flaithis ag rádh: Is é seo mo Mhac dílis ina bhfuil mo mhór-thaitneamh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus, féach, guth ó neamh, adubhairt, Is é seo mo Mhac ionmhain ’n‐a bhfuil mo mhór‐aoibhneas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus féuch gúth ó neamh, ag rádh, Ag so mo Mhac grádhach so, dá bhfuil mo mhórthoil ann. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus tháinig glór ó na flaithis a dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.” An Bíobla Naofa 1981 Agus tháinig glór ó na flaithis a dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.” |
Féach, mo sheirbhíseach, an t-é a thoghas, an t-é is ionmhuin liom, an t-é ar a bhfuil greann ó m’anam. Cuirfead mo spioraid air, agus fógróchaidh sé breitheamhantas dos na geintibh.
Le linn na cainte sin do rádh dhó, féach, do chlúdaigh sgamall soillseach iad; agus féach, guth as an sgamall, agus dubhairt: Sidé mo Mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann: éistidh leis.
Agus tháinig an guth as na flathais: Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann.
Agus, láithreach, d’fhéachadar ’n-a dtímpal agus ní fheacadar aoinne a thuille ach Íosa amháin ’n-a bhfochair.
Agus gur thúirling an Spioraid Naomh air i riocht corpartha, mar bheadh colúr, agus tháinig guth as an spéir: Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann.
Agus do labhair guth as an sgamall agus dubhairt: Isé seo mo Mac dílis-se; deinidh éisteacht leis.
Óir is ionmhuin leis an Athair an Mac, agus nochtann se dhó gach nídh d’á ndeineann sé féin; agus nochtfaidh sé dhó oibreacha is mó ’ná iad so, i dtreó go mbeidh iongna oraibh-se.
Agus an t-Athair féin a chuir mé uaidh do thug sé fiadhnaise am’ thaobh. Agus níor chloiseabhair-se riamh a ghuth, ná ní fheacabhair a dhealbh.