Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 12:18 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Féach, mo sheirbhíseach, an t-é a thoghas, an t-é is ionmhuin liom, an t-é ar a bhfuil greann ó m’anam. Cuirfead mo spioraid air, agus fógróchaidh sé breitheamhantas dos na geintibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 “Féach mo sheirbhíseach a thogh mé, mo dhuine ionúin a mbíonn toil ag mʼanam ann. Cuirfidh mé air mo Spiorad, agus is é a fhógrós a gceart do na Gintlithe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Féach, mo sheirbhíseach a thogh mé, mo ghrádh i n-ar chuir m’anam mór-thaitneamh. Cuirfidh mé mo Spiorad air, agus fógróchaidh sé breitheamhnas do na cinidheacha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Féach, mo sheirbhíseach atá toghtha agam; An té is ionmhain liom ’n‐a bhfuil aoibhneas m’anma: Cuirfead mo Spiorad air, Agus fógróchaidh Sé breitheamhnas do na Geintibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Féuch mo shéarbhfhoghantuidhe féin, do thogh mé; mo ghrádh féin, dá bhfuil toil mhór ag manam: cuirfidh mé mo spiorad féin air, agus inneósuidh sé breitheamhnus do na Cineadhachaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 “Is é seo mo ghiolla, an té ba rogha liom, mʼaonghrá ar a bhfuil gnaoi mʼanama. Cuirfidh mé air mo Spiorad agus fógróidh sé an reacht do na ciníocha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

18 “Is é seo mo ghiolla, an té ba rogha liom, m'aonghrá ar a bhfuil gnaoi m'anama. Cuirfidh mé air mo Spiorad agus fógróidh sé an reacht do na ciníocha.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:18
40 Tagairtí Cros  

Ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhradh tré Isáias fáidh mar a ndeir sé:


Le linn na cainte sin do rádh dhó, féach, do chlúdaigh sgamall soillseach iad; agus féach, guth as an sgamall, agus dubhairt: Sidé mo Mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann: éistidh leis.


Agus tháinig an guth as na flathais: Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann.


Agus, láithreach, d’fhéachadar ’n-a dtímpal agus ní fheacadar aoinne a thuille ach Íosa amháin ’n-a bhfochair.


Agus bhí na daoine ’n-a seasamh ag féachaint air, agus bhí na h-uachtaráin ag magadh faoi leó, agus deiridís: D’fhóir sé ar dhaoinibh eile, fóireadh sé air féin, má ’sé an Críost é a toghadh ó Dhia.


Agus gur thúirling an Spioraid Naomh air i riocht corpartha, mar bheadh colúr, agus tháinig guth as an spéir: Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann.


Tá Spioraid an Tighearna orm, agus d’á bhrígh sin d’ong sé me, chun soisgéil do chraobhsgaoileadh do sna bochtaibh, do chuir sé uaidh mé chun lucht an chroidhe bhrúighte do leigheas,


Agus do labhair guth as an sgamall agus dubhairt: Isé seo mo Mac dílis-se; deinidh éisteacht leis.


Óir an t-é a chuir Dia uaidh labhrann sé bréithre Dé; mar ní do réir tómhais a thugann Dia an Spioraid uaidh.


Íosa ó Nasaret: chonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naomh agus le cómhacht, agus gur ghluais sé ag déanamh tairbhthe agus ag leigheas na ndaoine a bhí fé annsmacht an diabhail, toisg Dia bheith leis.


Nuair airighdar an méid sin d’éisteadar, agus thugadar glóire do Dhia agus dubhradar: Seadh ach tá aithríghe chun na beatha tabhartha ag Dia do sna geintibh féin


Agus d’fhanadar aimsir nár ghearr i bhfochair na ndeisgiobul.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí