Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 28:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Ní’l sé anso: Mar d’aiseirigh sé, fé mar a gheall sé: tagaidh agus féachaidh ar an áit ’n-ar cuireadh an Tighearna.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Níl sé anseo, mar tá sé i ndiaidh éirí mar a dúirt sé. Tagaigí go bhfeice sibh an áit a raibh sé ina luí.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Ní fhuil sé annseo; óir d’éirigh sé, mar a dubhairt sé. Taraigidh, agus feicigidh an áit ina raibh an Tighearna ina luighe.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Ní annso atá sé; óir d’aiséirigh sé, fá mar adubhairt sé roimh ré. Tagaidh, féachaidh an áit ’n‐a raibh an Tighearna ’n‐a luighe.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ní bhfuil sé ann so: óir do eirigh sé, mar a dubhairt sé, Tigidh, féachaidh a náit an a raibh an Tighearna na luighe.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Níl sé anseo, mar tá sé éirithe de réir mar a dúirt sé. Tagaigí i leith agus breathnaígí an áit a raibh sé ina luí.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Níl sé anseo, mar tá sé éirithe de réir mar a dúirt sé. Tagaigí i leith breathnaigí an áit a raibh sé ina luí.

Féach an chaibidil



Matha 28:6
17 Tagairtí Cros  

Óir, fé mar a bhí Iónas trí lá agus trí oidhche i mbolg an mhíolmhóir, beidh Mac an Duine trí lá agus trí oidhche i gcroidhe na talmhan.


Ansan do thosnuigh Íosa ar a thaisbeáint d’á dheisgiobuil nár bhfoláir é féin a dhul go Ierúsalem agus mórán d’fhulang ós na sínsearaibh agus ós na Sgníbh-neóiríbh agus ó uachtaránaibh na sagart, agus a chur chun báis, agus a aiseirighe an trímhadh lá.


Agus nuair a thánadar go Capharnaum tháinig lucht na ndidrachma do ghlacadh ag triall ar Pheadar, agus dubhradar leis: Ná díolann bhúr máighistir-se an didrachma? Dubhairt seisean: Díolann.


Agus ag teacht anuas ó’n gcnoc dóibh dubhairt Íosa leo: Ná h-innsidh d’aoinne an radharc go n-eirighidh Mac an Duine ós na mairbh.


Agus tabharfaid siad dos na geintibh é le tarcaisniú, agus le sgiúrsáil, agus le céasadh ar chrois; agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá.


Agus dubhradar: A Uasail, is cuimhin linn go ndubhairt an feallaire úd nuair a bhí sé bheó: I gceann trí lá eireóchad airís.


Agus dubhairt sé leó: Ná glacaidh aon sgannra. Íosa Nasareit a céasadh isé atá uaibh. D’eirigh sé; ní’l sé anso; féach an áit ’n-ar chuireadar é.


Agus chrom sé ar a theagasg dóibh nár bhfoláir do Mhac an Duine mórán d’fhulang, agus na seanóirí ’ghá shéanadh, agus uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí; agus go gcurfaí chun báis é, agus tar éis trí lá go n-eíreóchadh sé ó’n mbás.


Ach d’eirigh Peadar agus do rith sé chun an tuama, agus nuair a chrom sé ní fheacaidh sé ach na h-éadaighe lín ann, agus d’imthigh sé agus é ag déanamh iongna d’á raibh tuitithe amach.


Agus ní bhfuaradar an corp, agus thánadar agus dubhradar go bhfeacadar aingil adeir go bhfuil sé beó.


Agus dubhairt sé leó: Sidiad na focail a labhras libh nuair a bhíos fós i nbhúr measg, nách foláir gach nídh do chómhlíonadh d’á bhfuil sgríobhtha orm-sa i ndlígh Mhaoise agus ins na fáidhibh agus ins na salmaibh.


Mar gheall air seo atá grádh ag an Athair dom, mar go bhfuilim ag tabhairt m’anama uaim, i dtreó go ndéanfainn é ghlacadh chúgham airís.


D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Leagaidh ar lár an teampal so, agus cuirfead suas é i n-aon trí lá amháin.


Ach do thóg Dia é tar éis dubrón ifrinn do chur ar neamhnídh, de bhrígh nár bh’féidir go gcimeádfí eisean fé n-a chumas