Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 24:44 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Agus dubhairt sé leó: Sidiad na focail a labhras libh nuair a bhíos fós i nbhúr measg, nách foláir gach nídh do chómhlíonadh d’á bhfuil sgríobhtha orm-sa i ndlígh Mhaoise agus ins na fáidhibh agus ins na salmaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

44 Ar seisean leo ina dhiaidh sin, “Sin é an méid a dúirt mé libh nuair a bhí mé agaibh go fóill, go gcaithfeadh gach uile ní atá scríofa fúmsa i ndlí Mhaois agus ag na fáithe agus sna sailm a bheith á chomhlionadh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

44 Agus dubhairt sé leo: Is iad seo na briathra a labhair mé libh nuair a bhí mé go fóill i bhur measc, gurab éigean gach nídh a chóimhlíonadh, dá bhfuil scríobhtha fá dtaoibh díom-sa i ndlighe Mhaoise, agus ins na fáidhe, agus ins na sailmeacha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 Agus adubhairt sé leo, Is iad so na briathra do labhras libh, an fhaid do bhíos fós ’n‐bhúr bhfochair, gurbh éigean gach a bhfuil scríobhtha i reacht Mhaoise, agus ins na fáidhibh, agus ins na salmaibh, im’ thaobh‐sa, do chóimhlíonadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

44 Agus a dubhairt sé ríu, Ag so na briathar do labhair mé ribh, a núair do bhí mé fós bhar bhfochair, gur ab éigin na huile neithe atá sgríobhtha a reachd Mháoisi, agus ann sna fáighibh, agus ann sna salmuibh, am thimcheallsa do choimhlíonadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

44 Ansin dúirt sé leo: “Is iad seo na focail a labhair mé libh agus mé fós in bhur gcuideachta: ‘Ní foláir na nithe uile a chomh-líonadh atá scríofa mar gheall orm i ndlí Mhaois agus sna fáithe agus sna sailm.’”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

44 Ansin dúirt sé leo: “Is iad seo na focail a labhair mé libh agus mé fós in bhur gcuideachta: ‘Ní foláir na nithe uile a chomhlíonadh atá scríofa mar gheall orm i ndlí Mhaois agus sna fáithe agus sna sailm.’ ”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 24:44
88 Tagairtí Cros  

Agus do thuit an méid sin go léir amach i dtreó go gcómhlíonfaí an rud a dubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh nuair adubhairt sé:


Ansan do thosnuigh Íosa ar a thaisbeáint d’á dheisgiobuil nár bhfoláir é féin a dhul go Ierúsalem agus mórán d’fhulang ós na sínsearaibh agus ós na Sgníbh-neóiríbh agus ó uachtaránaibh na sagart, agus a chur chun báis, agus a aiseirighe an trímhadh lá.


Conus, d’á bhrígh sin, a cómhlíonfar an scriptiúir, óir ní foláir a thuitim amach mar seo.


Ach tá so go léir déanta chun go gcómhlíonfaí scriptiúirí na bhfáidh. Ansan d’fhág a dheisgiobuil go léir é, agus do theitheadar.


Ach níor thuigeadar an chaint, agus bhí sgáth ortha é cheistiú.


Óir is laethanta díbheirge na laethanta san, agus cómhlíonfar gach a bhfuil sgríobhtha.


Óir deirim libh nách foláir an méid seo fós atá sgríobhtha do chómlíonadh ionam-sa: Agus do luadhadh é le cuirptheachaibh: óir, na neithe a bhaineann liom, tá deire leó.


Agus dubhairt leó: Sin mar atá sgríobhtha, agus sin mar nár bhfoláir do Chríost fulang, agus aiseirighe ó-s na mairbh an trímhadh lá,


’Ghá rádh: Ní foláir do Mhac an Duine mórán d’fhulang, agus go séanfadh na seanóirí é, agus uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí, agus go gcurfaí chun báis é, agus go n-aiseireóchadh sé an trímhadh lá.


Agus bhí uathbhás ar na daoine go léir tré mhór-chómhacht Dé. Agus nuair a bhíodar go léir ag déanamh iongna de sna gníomhartha a bhí aige ’á dhéanamh, dubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh: Coimeádaidh-se cuimhne ar an gcaint sin i nbhúr gcroidhe: óir tá Mac an Duine le tabhairt i lámhaibh daoine.


Agus fé mar a dhein Maois an t-athair nimhe do chur anáirde sa bhfásach, sin mar a chaithfar Mac an Duine do chur anáirde;


Cuardaightear na scriptiúirí, óir is dóigh libh gur ionta atá beatha shíoruidhe le fagháil; agus isiad san a thugann fiadhnaise am’ thaobh-sa.


Óir dá gcreideadh sibh Maois b’fhéidir go gcreidfeadh sibh mise; óir is orm-sa do sgríbh sé sin.


Agus conus mar atá an gheallamhaint sin cómhlíonta ag Dia d’ár sliocht, mar gur aithbheódhaigh sé Íosa, do réir mar atá sgríobhtha sa tarna sailm: Is tusa mo mhac, do gheineas-sa thu an lá so.


Seachnaidh, d’á bhrígh sin, san a’ dtiocfadh oraibh an rud adeirtear ins na fáidhibh:


De bhrígh ná fágfair m’anam i n-ifreann agus ná léigfir do t’Aon Naomtha truailiú a dh’fheisgint.


Agus do chómhlíon Dia an nídh a thargair sé tré bhéalaibh na bhfáidh go léir, go ndéanfadh a Críost fulang.


Isé an Mhaois sin adubhairt le clainn Israéil: Tógfaidh Dia chúghaibh fáidh d’bhúr mbráithribh, mar mise; éistfidh sibh leis sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí