Agus ba mhian leis é chur chun báis, ach bhí eagla na ndaoine air, óir do thuigeadar gur bh’fháidh Eóin Baiste.
Matha 26:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Dubhradar, ámhthach, Ná deintear é lá na féile, le h-eagla go mbeadh toirmeasg sa phobul. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach dúirt siad, “Ná bíodh sin ann in am na féile ar eagla go n‑éirí gleo i measc na ndaoine.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht dubhairt siad: Ná déantar é lá na féile, ar eagla go mbéadh gleo imeasc na ndaoine. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht adubhradar, Ná déanaimís é le linn na féile, ar eagla go n‐éireochadh toirmeasc i measc an tsluaigh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd a dubhradar, Na déanam é ann sa bhféasda, deagla go mbíadh búaidhreadh a measg an phobuil. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt siad, áfach: “Ní ar an bhféile é, le heagla go dtógfaí callán i measc an phobail.” An Bíobla Naofa 1981 Dúirt siad, áfach: “Ní ar an bhféile é, le heagla go dtógfaí callán i measc an phobail.” |
Agus ba mhian leis é chur chun báis, ach bhí eagla na ndaoine air, óir do thuigeadar gur bh’fháidh Eóin Baiste.
Má abraimíd gur ó neamh é, déarfaidh sé, Má ’seadh, cad ’n-a thaobh nár chreideabhair é? Ach má abraimíd gur ó dhaoinibh, is baoghal dúinn na daoine; mar fáidh ab eadh Eóin acu.
Nuair a chonaic Pílát ná raibh ag eirighe leis, ach gur toirmeasg a bhí ag teacht, fuair sé uisge, agus do nigh sé a lámha os cómhair na ndaoine, agus dubhairt sé: Táim-se saor ar fhuil an fhíoraoin seo; oraibh-se bíodh.
Agus an chéad lá de laethibh an aráin gan giost nuair a deintí ídhbirt na Cásga, dubhairt a dheisgiobuil leis: Cár mhaith leat go raghmís agus go ndéanfaimís an Cháisg d’ollamhú dhuit le n-ithe?
Ach dubhradar: Ná deintear é lá na féile, le h-eagla go n-eireóchadh achrann ameasg an phobuil.
Agus dubhairt Íosa leó: Glacfaidh sibh go léir sgannal umam-sa anocht; óir tá sgríobhtha, Buailfead an t-aodhaire agus sgaipfar na caoire.
Agus má deirimíd gur bh’ ó daoine é geobhaid na daoine go léir do chlochaibh ionainn, óir is deimhin leó gur fáidh Eóin.
Ansan do rugadar Íosa leó ó Cháiphas go dtí an Praetórium. Bhí sé ’n-a mhaidin an uair sin, agus níor chuadar féin isteach sa halla, i dtreó ná truailleófaí iad, agus go n-íosfaidís an cháisg.
Do cuireadh an chathair go léir tré n-a chéile. Do ritheadar i n-aonfheacht chun an téátair agus greim acu ar Ghaius agus ar Aristarchus, Macedonaigh, comrádaithe do Pól.
Nách tusa an t-Éigipteach úd a dhein an chíréib ins na laethanta roimis seó agus do rug leat isteach sa bhfásach cheithre mhíle de ropairíbh.
Agus dheineadar an nídh a cinneadh ó d’láimh agus ó d’chómhairle féin a dhéanamh.