Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:26 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Má abraimíd gur ó neamh é, déarfaidh sé, Má ’seadh, cad ’n-a thaobh nár chreideabhair é? Ach má abraimíd gur ó dhaoinibh, is baoghal dúinn na daoine; mar fáidh ab eadh Eóin acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

26 Ach má deirimid, ‘Ó dhaoine’, tá eagla orainn roimh an slua; mar glacann siad leis mar fhírinne gur fáidh a bhí in Eoin.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

26 Má deinmíd: Ó neamh, déarfaidh sé linn: Cad chuige, ar an adhbhar sin, nár chreid sibh é? Acht má deirimíd: Ó dhaoine, tá eagla orainn roimh an tsluagh; óir bhí meas fáidh acu uilig ar Eoin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Acht má deirimíd, Ó dhaoinibh; tá eagla an phobail orainn; óir atá na daoine go léir ar aon aigne gur fáidh Eoin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Agus má deirmid, O dháoinibh; a tá eagla an phobail oruinn; óir atá meas fáidhe ag gach uile dhuine ar Eoin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

26 Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ tá eagla orainn roimh na daoine, mar tá meas fáidh acu uile ar Eoin.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

26 Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ tá eagla orainn roimh na daoine, mar tá meas fáidh acu uile ar Eoin.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:26
17 Tagairtí Cros  

Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fáidh, an eadh? Ach deirim-se libh gur duine é is mó ’ná fáidh.


Agus ba mhian leis é chur chun báis, ach bhí eagla na ndaoine air, óir do thuigeadar gur bh’fháidh Eóin Baiste.


Agus deireadh na daoine: Sidé Íosa an fáidh ó Nasaret Ghaililí.


Cá dtáinig an baiste a dhein Eóin? an ó neamh a tháinig sé, nó an ó dhaoinibh? Agus dheineadar-san machtnamh eatartha féin, agus dubhradar:


Agus d’fhreagradar Íosa agus dubhradar, Ní fheadramair. Agus dubhairt seisean leó: Ní lúgha ’ná mar a neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh.


Agus ba mhian leó é ghabháil, ach bhí eagla acu roimis na daoine, mar fáidh ab eadh é acu.


Agus má deirimíd gur bh’ ó dhaoine é, is baoghal dúinn an pobul; óir, dar leis na daoine, fáidh dáiríribh ab eadh Eóin.


Agus bhíodar a d’iarraidh beirthe air, ach bhí eagla acu roimis an bpobul; óir bhí fhios acu gur chúcha féin a bhí sé sa tsoluíd sin. Agus d’fhágadar é agus d’imthígheadar.


Óir bhí eagal ar Héród roim Eóin, mar bhí fhios aige gur dhuine naomhtha, fíoraonta é, agus bhí sé ’ghá choimeád, agus dheineadh sé a lán neithe ar a chómhairle, agus thugadh sé cluas dó go toilteanach.


Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí a d’iarraidh a lámh do chur air láithreach, ach bhí eagla na ndaoine ortha; óir bhí fhios acu gur chúcha féin an tsoluíd a labhair sé.


Agus má deirimíd gur bh’ ó daoine é geobhaid na daoine go léir do chlochaibh ionainn, óir is deimhin leó gur fáidh Eóin.


Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ag cuimhneamh ar conus a thiocfaidís ar Íosa chur chun bháis; ach bhí eagla na ndaoine ortha.


Lóchran ar lasadh agus ag taithneamh ab eadh é siúd, agus níor mhisde libh-se ar feadh tamaill áthas a dh’fhághail ’n-a sholus.


Dubhairt an t-athair agus an mháthair na neithe sin mar bhí eagla na n-Iúdach ortha, óir bhí socair ag na Iúdaigh an uair sin, aoinne a déarfadh gur bh’ é Críost é, é chur amach as an sinagóig.


Ansan d’imthigh an t-oificeach agus na fir a bhí aige agus thug sé leis iad gan éigean, óir bhí eagla na ndaoine ortha, go ngeobhthí do chlochaibh ionta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí