Agus dheineadar cómhairle chun go ndéanfaidís Íosa do ghabháil le ceilg, agus é chur chun bháis.
Matha 12:14 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) D’imthigh na Fairisínigh amach, ámhthach, agus chuadar i gcómhairle ’n-a choinnibh chun a mhairbhthe. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach chuaigh na Fairiséigh amach go ndeachaigh i gcomhairle le chéile ina aghaidh, conas a chuirfidís deireadh leis. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ar dhul amach do na Fairisínigh, chuaidh siad i gcómhairle ina aghaidh, fá’n chaoi ina gcuirfeadh siad chun báis é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht d’imthigh na Fairisínigh amach, agus do chuadar i gcómhairle le chéile ’n‐a choinnibh, chum go millfidís é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar ndul a mach do na Pharisineachaibh, do chúadar a gcomhairle na aghaidhsean, do chum go millfidís é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach tar éis do na Fairisínigh dul amach, rinne siad comhairle le chéile ina aghaidh chun go millfidís é. An Bíobla Naofa 1981 Ach tar éis do na Fairisínigh dul amach, rinne siad comhairle le chéile ina aghaidh chun go millfidís é. |
Agus dheineadar cómhairle chun go ndéanfaidís Íosa do ghabháil le ceilg, agus é chur chun bháis.
Agus nuair a tháinig an mhaidion, chuaidh uachtaráin na sagart go léir agus seanóirí an phobuil i gcómhairle i n-aghaidh Íosa, chun go gcurfidís chun báis é.
Agus i gcionn dá lá bhí féile na Cásga agus an aráin gan giost le bheith ann, agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ’ghá chuimhneamh conus a dhéanfaidís breith air agus é chur chun báis.
Agus d’imthigh na Fairisínigh amach láithreach agus chuadar féin agus muintir Héróid i gcómhairle ’n-a choinnibh féachaint conus a thiocfadh leó é mhilleadh.
Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ag cuimhneamh ar conus a thiocfaidís ar Íosa chur chun bháis; ach bhí eagla na ndaoine ortha.
Agus bhíodar-san lán de mhí-chiall, agus bhíodar ag caint eatartha féin féachaint cad a dhéanfaidís le h-Íosa.
Agus thug na h-árdshagairt agus na Fairisínigh órdú, da mbeadh fhios ag aoinne cá raibh sé, é dh’innsint, i dtreó go mbéarfaidís air.
Mar gheall air sin ba ró-mhian leis na Iúdaigh é chur chun báis, toisg nár bh’é amháin go raibh sé ag briseadh na sabbóide, ach ’n-a theannta san go raibh sé ’ghá rádh gur bh’é Dia a athair, ’ghá cur féin ar aon dul le Dia.
Ansan bhíodar a d’iarraidh beirthe air, ach níor chuir aoinne lámh ann mar ní raibh a thráth tagaithe fós.
D’airigh na Fairisínigh an tsluagh ag cur ’s ag cúiteamh n-a thaobh ar an gcuma san, agus chuir na h-uachtaráin agus na Fairisínigh oificeacha chun beirthe air.
Ansan do thógadar na clocha chun iad do chaitheamh leis; ach do cheil Íosa a chló ortha agus d’imthigh sé amach as an dteampul.