Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 12:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Acht d’imthigh na Fairisínigh amach, agus do chuadar i gcómhairle le chéile ’n‐a choinnibh, chum go millfidís é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Ach chuaigh na Fairiséigh amach go ndeachaigh i gcomhairle le chéile ina aghaidh, conas a chuirfidís deireadh leis.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Ar dhul amach do na Fairisínigh, chuaidh siad i gcómhairle ina aghaidh, fá’n chaoi ina gcuirfeadh siad chun báis é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus ar ndul a mach do na Pharisineachaibh, do chúadar a gcomhairle na aghaidhsean, do chum go millfidís é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 D’imthigh na Fairisínigh amach, ámhthach, agus chuadar i gcómhairle ’n-a choinnibh chun a mhairbhthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Ach tar éis do na Fairisínigh dul amach, rinne siad comhairle le chéile ina aghaidh chun go millfidís é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 Ach tar éis do na Fairisínigh dul amach, rinne siad comhairle le chéile ina aghaidh chun go millfidís é.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:14
15 Tagairtí Cros  

agus do‐rinneadar cómhairle le chéile chum go mbéarfaidís ar Íosa le feall, go marbhóchaidís é.


Agus nuair do bhí an mhaidin ann, do chuaidh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail i ndáil cómhairle i n‐aghaidh Íosa, chum go gcuirfidís chum báis é:


Agus i gcionn dá lá do bhí féile na Cásca agus an aráin gan laibhín ann: agus do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ’g‐a bheartú cionnas do bhéarfaidís air le feall, le n‐a mharbhadh: óir adubhradar,


Agus d’imthigh na Fairisínigh amach, agus ar an lathair do ghlacadar cómhairle le muinntir Ioruaith ’n‐a aghaidh, agus iad ag iarraidh slighe do cheapadh le n‐a mhilleadh.


Agus do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ag iarraidh cionnas chuirfidís chum báis é; óir do bhí eagla na ndaoine ortha.


Agus do bhíodar‐san lán de chúthach; agus do ghlacadar cómhairle le chéile d’fhéachain créad do dhéanfaidís le h‐Íosa.


Do thóg na h‐Iúdaigh clocha arís le n‐a gcaitheamh leis.


D’iarradar breith air arís: agus d’éaluigh sé as a lámhaibh.


D’á bhrigh sin, ó’n lá sin amach, do cheapadar de chómhairle le chéile a chur chum báis.


Agus do bhí órdú tugtha ag uachtaránaibh na sagart agus ag na Fairisíneachaibh, dá mb’ eol d’aoinneach cá raibh sé, a innsin, go ngabhfaidís é.


Ar an adhbhar sin ba dhéine do bhí na h‐Iúdaigh ag tnúth le n‐a chur chum báis, ní h‐é amháin gur bhris sé an tsabóid, acht go ndubhairt sé gurbh é Dia a Athair, g‐á chur féin ar aon dul le Dia.


Annsin do shanntuigheadar breith air: acht níor chuir aon duine lámh ann, óir ní raibh a uair tagtha fós.


Do‐chuala na Fairisínigh an sluagh ag conspóideacht ’n‐a thaobh ar an gcuma sin; agus do chuir uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh maoir chum beirthe air.


Agus ba mhian le cuid aca breith air, acht níor chuir aon duine lámh air.


Annsin do thógadar clocha le caitheamh leis: acht do chuaidh Íosa i bhfolach, agus d’imthigh sé as an teampall.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí