Lúcás 24:19 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó: Cad iad na neithe? Agus dubhradar: I dcaobh Íosa Nasareit a bhí i n-a fháidh, cómhachtach i ngníomh agus i mbriathar i láthair Dé agus daoine, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ar seisean, “Cad é sin?” Agus dúirt siad leis, “An méid a bhain le hÍosa Nasara, a bhí ina fháidh mór i mbriathar agus i ngníomh os comhair Dé agus os comhair na ndaoine uile, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé leo: Cá h-iad na neithe? Agus dubhairt siad: Fá Íosa as Nasair, fear a bhí ina fháidh chumhachtach i ngníomh agus i mbriathar ós cómhair Dé agus na ndaoine go léir, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt seisean leo, Créad iad na neithe? Agus adubhradar‐san leis, Na neithe i dtaobh Íosa Nasardha do bhí ’n‐a fháidh cumhachtach i ngníomh agus i mbriathar i láthair Dé agus daoine: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seision ríu, Créd iad na neithe? Agus a dubhradarsan ris, Na neither tháobh Iósa Nasardha, do bhí na fhaigh chumhachdach a ngniómh agus a mbreithir a bfiadhnuisi Dé, agus an phobuil uile: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leo: “Cad iad na nithe?” Dúirt siad leis: “Mar gheall ar Íosa–Nazairéanach, duine a bhí ina fháidh éifeachtach ó ghníomh agus ó bhriathar i bhfianaise Dé agus an phobail uile; An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leo: “Cad iad na nithe?” Dúirt siad leis: “Mar gheall ar Íosa - Nazairéanach, duine a bhí ina fháidh éifeachtach ó ghníomh agus ó bhriathar i bhfianaise Dé agus an phobail uile; |
Cad í an bhaint atá agatsa agus againne le n-a chéile, a Íosa Nasareit? ar seisean. An chun sinn a mhilleadh a tháinís annso? Tá fhios agam cé h-é thu, Aon Naomhtha Dé.
Agus d’fhreagair duine acu é dár bh’ ainim Cleophas, agus dubhairt sé: An tusa an t-aoinne amháin iasachta atá i n-Ierúsalem nách eól dó na neithe a deineadh ann ins na laethantaibh seo?
Agus tháinig eagal ar na daoine go léir, agus thugadar glóire do Dhia, agus dubhradar: Tá fáidh mór eirighthe ’n-ár measg, agus tháinig Dia ag féachaint a dhaoine.
Tháinig an duine sin ag triall ar Íosa sa n-oidhche, agus dubhairt sé leis: A Rabbí, is eól dúinn gur ó Dhia a tháinís ad’ oide, mar ní fhéadfadh aon duine na mírbhúiltí a dheineann tusa do dhéanamh gan Dia bheith leis.
Ansan, nuair a chonaic na daoine sin gur dhein Íosa an mhírbhúilt, dubhradar: Gan amhras isé an fear so an fáidh atá le teacht sa domhan.
D’fhreagradar agus dubhradar leis: An amhlaidh is Gaililiach tusa leis? Cuardaigh an Sríbhinn, agus chífir ná h-eirigheann fáidh a’ Gaililí.
Íosa ó Nasaret: chonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naomh agus le cómhacht, agus gur ghluais sé ag déanamh tairbhthe agus ag leigheas na ndaoine a bhí fé annsmacht an diabhail, toisg Dia bheith leis.
A fheara Israéil, éistidh leis na bhréithribh seo. Íosa Nasareit, duine a shoillsigh Dia i nbhúr measg-sa leis na cómhachtaibh, agus leis na h-iongnaíbh agus leis na soluídíbh a dhein Dia tríd i nbhúr lár, mar is eól daoibh féin,
Agus do múineadh do Mhaois gach saghas eagna d’á raibh ag muinntir na h-Éigipte agus bhí sé cómhachtach ’na bhréithribh agus ’na ghníomharthaibh.