Lúcás 24:18 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)18 Agus d’fhreagair duine acu é dár bh’ ainim Cleophas, agus dubhairt sé: An tusa an t-aoinne amháin iasachta atá i n-Ierúsalem nách eól dó na neithe a deineadh ann ins na laethantaibh seo? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)18 Ba ansin a thug duine acu, a raibh Cléópas mar ainm air, freagra air, “An tú amháin atá ar thuras in Iarúsailéim atá in ainbhios ar a bhfuil tar éis titim amach ann sna laethanta seo?” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara18 Agus d’fhreagair duine acu, arbh ainm dó Cleophas, agus dubhairt leis: An tusa an t-aon choimhightheach amháin atá i n-Ierusalem, agus nárbh eol duit na neithe a thárla inntí na laethe seo? Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)18 Agus d’fhreagair duine aca, darbh ainm Cléopas, agus adubhairt sé leis, An tusa an chéad duine amháin chómhnuigheas i nIarúsalem nach eol dó na neithe do thuit amach ins na laethibh seo? Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)18 Agus ar bhfeagra do neach díobh, dar bhainm Cléophas, a dubhairt sé ris, An bhfuil tusa ad áonar ad choigcrigheach a Niarusalém, agus gan fios na neitheann do rinneadh innte ann sna láethibhsi agad? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201218 Dúirt duine acu leis dá fhreagairt–Cleopas ab ainm dó: “An tusa an t-aon duine amháin atá ag cur fút in Iarúsailéim atá in ainbhios ar na nithe a tharla ann sna laethanta seo?” Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198118 Dúirt duine acu leis á fhreagairt - Cleopas ab ainm dó: “An tusa an t‑aon duine amháin atá ag cur fút in Iarúsailéim atá in ainbhios ar na nithe a tharla ann sna laethanta seo?” Féach an chaibidil |