Agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag do chuadar suas go Ierúsalem do réir ghnáis na féile,
Lúcás 2:41 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do théigheadh a mhuintir go Ierúsalem gach bliain uim fhéile na Cásga. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Anois bhí sé ina ghnás ag a thuismitheoirí dul suas go hIarúsailéim gach uile bhliain in am fhéile na Cásca. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus théigheadh a athair agus a mháthair go h-Ierusalem gach bliadhain lá sollamhanta na Cásca. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do théigheadh a athair agus a mháthair suas go h‐Iarúsalem gach bliadhain le linn féile na Cásca. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do ghnáthuigheagh a athair agus a mháthair dul gach a blíadhna go Híarusaléim a sollamuin na cásg. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Théadh a thuismitheoirí gach bliain go hIarúsailéim i gcomhair fhéile na Cásca. An Bíobla Naofa 1981 Théadh a thuismitheoirí gach bliain go hIarúsailéim i gcoir féile na Cásca. |
Agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag do chuadar suas go Ierúsalem do réir ghnáis na féile,
Ansan bhí cáisg na n-Iúdach go h-achamair, agus mórán daoine ag teacht go Ierúsalem ó’n dtuath roimis an gcáisg chun iad féin do naomhú.
Roimh lá fhéile na cásga, ó bhí fhios ag Íosa go raibh a thráth tagaithe chun imtheacht as an saoghal so ag triall ar an Athair: ó thug sé grádh d’á mhuíntir féin, do ghrádhuigh sé iad go deire.
Agus bhí cáisg na n-Iúdach i n-achmaireacht, agus chuaidh Íosa suas go Ierúsalem.