Ansan d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: A bhean, is mór é do chreideamh. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuigheadh a h-inghean ó’n uair sin.
Lúcás 18:42 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Íosa leis: Féach suas; do shlánuigh do chreideamh thu. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus arsa Íosa leis, “Bíodh radharc do shúl agat; is é do chreideamh a rinne slán thú.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt Íosa leis: Bíodh do radharc agat: shlánuigh do chreideamh thú. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt Íosa leis, Bíodh do radharc agat: do shlánuigh do chreideamh thú. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Iósa ris, Bíodh do radharc agad: do shlánuigh do chreideamh thú. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Íosa leis: “Bíodh do radharc agat: shlánaigh do chreideamh tú.” An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Íosa leis: “Bíodh do radharc agat: shlánaigh do chreideamh tú.” |
Ansan d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: A bhean, is mór é do chreideamh. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuigheadh a h-inghean ó’n uair sin.
Agus do shín Íosa a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt sé; Is áil liom é: glantar thú. Agus do glanadh láithreach é ó n-a lobhra.
D’iompuigh Íosa, ámhthach, agus chonaic sé í, agus dubhairt sé: Glac misneach, a ’ghnín ó; do shlánuigh do chreideamh thu. Agus bhí an bhean leighiste ó’n uair sin amach.
Agus dubhairt sé leis: Eirigh agus imthigh leat, óir do shlánuigh do chreideamh thú.
Agus dubhairt seisean leis an mnaoi: Do shlánuigh do chreideamh thu; imthigh i síothcáin.
Agus dubhairt seisean léi: Do leighis do chreideamh thú, a ’nghean ó; imthigh leat i síothcháin.