Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 15:28 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Ansan d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: A bhean, is mór é do chreideamh. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuigheadh a h-inghean ó’n uair sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 Ba ansin a dʼfhreagair Íosa í, “A bhean úd an mhórchreidimh! Bíodh agat mar atá iarrtha agat.” Agus slánaíodh a hiníon ar an toirt.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Annsin dubhairt Íosa léi, ghá freagairt: A bhean, is mór do chreidheamh: déantar duit mar is toil leat. Agus bhí a h-inghean slán ó’n uair sin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Annsin d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé léi, A bhean, is mór é do chreideamh: go ndéantar duit mar is mian leat. Agus do bhí a h‐inghean leigheasta ó’n uair sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Ar bhfreagra Diósa an tansin, a dubhairt sé ría, O a bhean, is mór do chreideamh: teagmhadh dhuit mar is toil leachd. Agus do bhí a hinghean slán ó a núairsin a mach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 Ansin dúirt Íosa léi dá freagairt: “Ó, is mór é do chreideamh, a bhean! Bíodh agat mar is áil leat.” Agus bhí a hiníon leigheasta ón nóiméad sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

28 Ansin dúirt Íosa léi á freagairt: “Ó, is mór é do chreideamh, a bhean! Bíodh agat mar is áil leat.” Agus bhí a hiníon leigheasta ón nóiméad sin.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 15:28
21 Tagairtí Cros  

Agus do shín Íosa a lámh, agus do rug sé láithreach air, agus dubhairt sé: Ó a fhir gan puínn creidimh, cad chuige dhuit mearbhall a theacht ort?


Ach, a Thighearna, ar sisi, ithid na coileáin an brúscar a thuiteann ó bhórd a dtighearnaí.


Agus nuair airigh Íosa san do dhein sé iongna dhé; agus dúbhairt se leis an muíntir a bhí ’ghá leanmhaint: Go deimhin adeirim libh, ní bhfuaras a leithéid sin de chreideamh i n-Israél.


Agus dubhairt Íosa leis an dtaoiseach céad: Imthigh ort, agus fé mar a chreidis deintear duit. Agus tháinig a shláinte do’n bhuachaill an uair sin.


D’iompuigh Íosa, ámhthach, agus chonaic sé í, agus dubhairt sé: Glac misneach, a ’ghnín ó; do shlánuigh do chreideamh thu. Agus bhí an bhean leighiste ó’n uair sin amach.


Agus dubhairt seisean léi: A ’nghean ó, do shlánuigh do chreideamh thú. Imthigh i síothcháin, agus bí slán ó’n ngearán.


Agus dubhairt na h-Aspoil leis an dTighearna: Méaduigh creideamh dúinn.


Agus dubhairt seisean leis an mnaoi: Do shlánuigh do chreideamh thu; imthigh i síothcáin.


Agus nuair a d’airigh Íosa an méidh sin dhein sé iongna dhe, agus d’iompuigh sé chun na ndaoine a bhí ’ghá leanmhaint, agus dubhairt sé leó: Go deimhin a deirim libh, ní’l a leithéid sin de chreideamh fághalta agam i n-Israél féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí