Ach an t-é a shéanfaidh mise os cómhair daoine, séanfad-sa eisean os cómhair m’Athar atá ins na flathais.
Lúcás 12:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus an t-é a shéanfaidh mise os cómhair daoine, séanfar eisean os cómhair aingeal De. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ach an té a shéanas mé os comhair daoine séanfar é os comhair aingeal Dé. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht an té a shéanfas mise ós cómhair na ndaoine, séanfar é ós cómhair aingle Dé. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) acht an té shéanfas mise i bhfiadhnaise na ndaoine, séanfar eisean i bhfiadhnaise aingeal Dé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd gidh bé shéanfus mise a bhfiadhnuise aingeal De. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ach an té a shéanfaidh mise i láthair daoine, séanfar eisean i láthair aingil Dé. An Bíobla Naofa 1981 ach an té a shéanfaidh mise i láthair daoine, séanfar eisean i láthair aingeal Dé. |
Ach an t-é a shéanfaidh mise os cómhair daoine, séanfad-sa eisean os cómhair m’Athar atá ins na flathais.
Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt: Go deimhin adeirim libh, ní’l aon aithne agam oraibh.
Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine ’n-a ghradam, agus a aingil go léir i n-aonfheacht leis, suidhfidh sé gncathaoir a ghradaim;
Ansan déarfaidh sé leis an muintir a bheidh ar a láimh chlé: Imthighidh uaim, a dhream mhallaighthe, isteach sa teine shióruidhe do h-ollamhuigheadh do’n diabhal agus d’á aingealaibh;
Agus ansan admhóchaidh mé dhóibh: Níor chuireas-sa aithne riamh oraibh; Imthighidh uaim, a lucht an uilc a dhéanamh.
Óir an t-é go mbeidh náire air mar gheall orm-sa agus ar mo bhréithre i láthair an tsleachta so atá adhaltranach peacamhail, beidh náire ar Mhac an Duine uime sin nuair a thiocfaidh sé i nglóire a Athar i bhfochair na n-aingeal naomhtha.
Deirim-se libh-se gur b’ shin mar a bheidh gáirdeachas i láthair aingeal Dé mar gheall ar aon pheacach amáin a dhéanfaidh aithrighe.
Óir an t-é do ghlacfaidh náire mar gheall orm-sa agus ar mo bhréithre, glacfaidh Mac an Duine náire mar gheall ar an nduine sin, nuair a thiocfaidh sé ’n-a ghradam agus i ngradam a Athar agus na n-aingeal naomhtha,