Seanfhocal 19:1 - An Bíobla Naofa 1981 Is fearr an bochtán a mhaireann go fíréanta ná an té atá saibhir ach claon ina shlite. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is féarr an bocht shiubhluighios iona iomláine, ná an té bhíos urchóideach iona phuisinibh, agus na amadán. |
Bíonn sé fial i gcónaí; tugann sé iasacht uaidh, agus beannófar a shliocht dá éis.
Tugann an fíréan cúl leis an urchóid; ach treoraíonn cosán na n‑urchóideach iadsan amú.
An té a shiúlann ar chosán na fíréantachta, bíonn eagla an Tiarna air; ach an té ar claon iad a bhealaí, is beag é a mheas air.
Is fearr an builín beag agus eagla an Tiarna ná an builín mór agus buairt dá réir.
Is fearr fear bocht a shiúlann san fhíréantacht, ná fear saibhir na mbealaí claon.
Óir tá bhur lámha truaillithe le fuil agus bhur méara le cionta. Tá an bhréag ar bhur mbeola agus monabhar an éigirt ar bhur dteanga.
Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?
Déan do mhachnamh air sin anois agus féach cad is féidir leat a dhéanamh mar tá sé beartaithe drochíde a imirt ar ár maistir agus ar a theaghlach go léir, agus tá sé féin chomh ciotrúnta sin nach féidir d'aon duine focal a rá leis.”
Ná bíodh aon aird agat ar Nábál an drochmhianaigh, mar is cuma a nádúr nó a ainm; tuathalachán a ainm agus is tuathalach a mheon. Ach ní fhaca mise, do bhanóglach, na saighdiúirí a chuir mo thiarna.