Beidh tú i bhfolach ó sciúirse na teanga, Agus ní chuirfidh an [ropaire] scéin ort nuair a thiocfaidh sé.
Seanfhocal 14:3 - An Bíobla Naofa 1981 Bíonn slat an uabhair i mbéal an amadáin, ach is díon iad a bheola don duine críonna. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Bí slat úabhair a mbéul a namadáin: acht dídeonuigh puisíne an duine ghlic íad. |
Beidh tú i bhfolach ó sciúirse na teanga, Agus ní chuirfidh an [ropaire] scéin ort nuair a thiocfaidh sé.
Insíonn gach aon duine bréaga dá chomharsa le beola bladair is le croí calaoiseach.
Nár náirítear mé, a Thiarna, toisc go nglaoim ort; go gcuirtear náire ar na hurchóidigh. Go gcuirtear ina dtost san uaigh iad;
Go gcuire sé cabhair chugam ó neamh do mo shaoradh; go dtuga sé náire do lucht mo thóraíochta, go gcuire Dia chugam a bhuanghrá agus a dhílse.
Is gaistí le fuil a dhoirteadh iad briathra an urchóidigh; ach fuasclaíonn béal an fhíréin daoine ó bhaol.
An té a chuireann faire ar a bhéal, cosnaíonn sé a bheo, ach an té a bhíonn béalscaoilteach, bíonn thiar air.
Tarraingíonn caint an amadáin aighneas air féin, agus tugann a bhéal cuireadh chun é a léasadh.
Scigire a thugtar ar fhear an uabhair is an díomais, agus bíonn éirí in airde ina iompar.
An té a shíolann an éagóir, beidh fómhar na tubaiste aige; air féin a [thitfidh] bata a chuthaigh.
Spreagann an santach achrainn; an té a bhfuil a mhuinín aige as an Tiarna, beidh an rath air.
Óir, le hainmhianta drabhlásacha collaí, bíonn siad ag mealladh na ndaoine d'éalaigh le déanaí ón muintir atá ag caitheamh a saoil ar seachrán, lena ngártha bladhmannacha baoise.
Agus rug siad bua air trí fhuil an Uain, agus trí bhriathar a bhfianaise mar nár chás leo a n‑anam thar an mbás.
De bhrí gur choinnigh tú focal m'fhoighne, coinneoidh mise thusa ó uair an chathaithe, atá le teacht ar an domhan go léir, chun lucht áitrithe an domhain a phromhadh.
Cuir uait an chaint, an chaint uaibhreach sin. Ná bíodh sotal ag sceith as do bhéal, Mar Dia an eolais é an Tiarna Agus meánn seisean na bearta.