Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa. Brúfaidh sé do cheann agus brúfaidh tusa a sháil.”
Matha 3:7 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach nuair a chonaic sé cuid mhór de na Fairiséigh agus de na Sadúicéigh ag teacht chuige le baiste a fháil, is é a dúirt sé leo, “A shliocht úd na nathracha! Cé a thug mar rabhadh daoibh éalú ón díbheirg atá le teacht? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a chonnaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadducaigh ag teacht chuig a bhaisteadh, dubhairt sé leo: A shliocht naithreach nimhe, cé thaidhbhsigh díbh-se teicheadh ó’n fheirg atá le theacht? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht nuair do chonnaic sé mórán de na Fairisíneachaibh agus de na Saddúcíneachaibh ag teacht chum baiste d’fhágháil uaidh, adubhairt sé leo‐san: A shliocht na nathrach nimhe, cia d’fhógair orthaibh‐se teicheath ó’n díbhfheirg atá le teacht? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do chunnairc sé mórán do Pháirisíneachaibh agus do na Sadúiseachaibh ag teachd do chum a bhaisdigh féin, a dúbhairt sé ríu, A shíol na naithreach neimhe, cía do fhoillsigh dháoibh teitheamh ón fheirg atá ag teachd? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chonaic sé mórán des na Fairisínigh agus des na Sadducíneachaibh ag teacht chun an bhaiste chuige, agus dubhairt sé leó: A shliocht na n-aithreach nimhe, cé chuir ar bhúr súilibh daoíbh-se an fhearg atá chúghaibh do sheachnadh? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baiste chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh-se teitheadh ón díbheirg atá le teacht? |
Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa. Brúfaidh sé do cheann agus brúfaidh tusa a sháil.”
Lucht tréigthe an dlí, molann siad na hurchóidigh; ach an mhuintir a chomhlíonann é, cuireann siad ina n‑aghaidh.
Ar gor ar uibheacha nathrach atá siad, agus ag fíodóireacht líonta damhán alla; an té a itheann a n‑uibheacha, faigheann sé bás, agus má bhristear ceann acu, nathair nimhe a thagann amach.
Téigí amach as an mBablóin (sábháileadh an uile dhuine a anam); ná cailltear sibh féin ina tubaiste, óir is í seo uair dhíoltas an Tiarna. Tá sé ag cúiteamh a luaíochta léi.
Cé leis a labhróidh mise, cé dhó a dtabharfaidh mé rabhadh le go gcluine siad? Is follas go bhfuil a gcluasa dúnta, ní fhéadann siad éisteacht. Is follas gur suarach leo briathar an Tiarna, níl dúil acu ann.
Ach nuair a chuala na Fairisínigh é sin, dúirt siad: “Ní chaitheann an duine seo na deamhain amach ach trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan.”
A sceith na bpéisteanna, conas a d'fhéadfadh sibh an mhaith a labhairt agus sibh féin olc, agus gur as lán an chroí a labhraíonn an béal?
Tháinig na deisceabail chuige ansin agus dúirt siad leis: “An bhfuil a fhios agat, nuair a chuala na Fairisínigh an chaint sin, gur ghlac siad scannal inti?”
Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus d'iarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh.
Dúirt Íosa leo: “Bígí aireach do bhur seachaint féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.”
D'imigh na Fairisínigh ansin ag déanamh comhairle le chéile chun go mbéarfaidís i ngaiste air sa chaint,
Tháinig Sadúcaigh chuige an lá céanna - dream a deir nach bhfuil aiséirí ar bith ann - agus chuir siad ceist air:
Nuair a chuala na Fairisínigh nár fhág sé focal ag na Sadúcaigh, chruinnigh siad féin le chéile,
“A nathracha nimhe, a sceith na bpéisteanna, conas a fhéadfaidh sibh teitheadh ó dhaorbhreith ifrinn?
Óir deirim libh, mura mbíonn barr fíréantachta agaibh ar a mbíonn ag na scríobhaithe agus ag na Fairisínigh, is cinnte nach rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas.
Agus chuir siad chuige cuid de na Fairisínigh agus de na Héaródaigh chun breith air ina chaint.
Ansin tháinig chuige Sadúcaigh - iad seo a shéanann an t‑aiséirí a bheith ann - agus chuir siad ceist air:
Agus thug sé foláireamh dóibh a rá: “Bígí aireach agus seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus ar ghabháil Héaróid.”
Bhí na Fairisínigh, a thug grá don airgead, ag éisteacht leis an méid sin uile agus bhí siad ag dranngháire faoi.
Rinne an Fairisíneach, agus é go ceannard, guí mar seo leis féin: ‘A Dhia, tugaim a bhuíochas duit nach bhfuilim ar nós cách eile, atá ina sladaithe, ina lucht éagóra, ina n‑adhaltranaigh, ná fiú amháin ar nós an phoibleacánaigh úd.
Na Fairisínigh, áfach, agus na dlíodóirí, nuair nár ghlac siad baisteadh uaidh, chuir siad ar neamhní an rud ab intinn le Dia dóibh.
Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n‑athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.
Chuala cuid de na Fairisínigh a bhí ina fhochair na focail sin agus dúirt siad leis: “Ní amhlaidh, ar ndóigh, atáimidne dall chomh maith?”
Ach d'éirigh creidmhigh áirithe a bhain le haicme na bhFairisíneach agus dúirt siad nárbh fholáir na págánaigh a thimpeallghearradh agus a fhógairt orthu dlí Mhaois a choimeád.
Bígí ag faire dá bhrí sin agus cuimhnígí air nár stad mise ar feadh trí bliana ach ag tabhairt comhairle don uile dhuine agaibh de lá is d'oíche agus na deora i mo shúile.
Tá a fhios acu le fada, dá mba áil leo é a dhearbhú, gur mhair mé mar Fhairisíneach riamh anall, ag cloí leis an aicme ba dhéine dár gcreideamh.
Ansin chuir an t‑ardsagart chun oibre, é féin agus a pháirtithe go léir d'aicme na Sadúcach.
Tá fearg Dé á foilsiú ó neamh in aghaidh éagráifeacht agus urchóid uile na ndaoine úd atá ag coinneáil na fírinne i ngéibheann lena gcuid urchóide.
Ó táimid fíréanaithe anois trína chuid fola, nach móide go mór go saorfar sinn tríd ó fhearg Dé?
agus chun feitheamh lena Mhac Íosa a theacht ó na flaithis - an Mac a thóg sé ó mhairbh agus atá dár bhfuascailt ón bhfearg atá le teacht.
Trí chreideamh fuair Naoi eolas ó Dhia ar nithe nach raibh le feiceáil go fóill. Ghabh eagla é agus rinne sé an áirc chun a theaghlach a shábháil. Dá bharr sin thug sé daorbhreith ar an saol agus fuair sé ó Dhia an fhíréantacht sin atá bunaithe ar an gcreideamh.
Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn.
Mar seo a léirítear cé hiad clann Dé agus cé hiad clann an diabhail; gach duine nach saothraíonn an fhíréantacht ní ó Dhia dó, agus is é a fhearacht sin ag an té nach dtugann grá dá bhráthair.