Matha 12:34 - An Bíobla Naofa 198134 A sceith na bpéisteanna, conas a d'fhéadfadh sibh an mhaith a labhairt agus sibh féin olc, agus gur as lán an chroí a labhraíonn an béal? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)34 A áil na nathracha nimhe! Conas a fhéadann sibh dea-rud a rá, nuair is olc sibh? Mar is as flúirse an chroí a labhraíos an béal. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara34 A shliocht naithreach nimhe, cad é mar thig libh neithe maithe a labhairt, agus sibh féin olc? óir labhrann an béal an nídh a mbíonn an croidhe lán de. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)34 A shliocht na nathrach nimhe, cionnas is féidir libh‐se deagh‐neithe do labhairt, agus sibh go h‐olc? óir is as líonmhaireacht an chroidhe labhras an béal. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)34 An shliochd na naithreach neimhe, cionnas is éidir libh neithe maithe do labhairt, ó a tá sibh féin go holc? Óir is as anlán an chroidhe labhrus an béul. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)34 A shliocht na naithreach nimhe, conus is féidir daoíbh-se neithe fóghanta do labhairt agus sibh go h-olc? óir is á líonmhaireacht an chroidhe do labhrann an béal. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201234 A sceith na bpéisteanna, conas a dʼfhéadfadh sibh an mhaith a labhairt agus sibh féin olc, agus gur as lán an chroí a labhraíonn an béal? Féach an chaibidil |
Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n‑athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.