Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 12:35 - An Bíobla Naofa 1981

35 Tógann an dea-dhuine dea-nithe amach as a dhea-stór, agus tógann an drochdhuine drochnithe amach as a dhrochstór.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

35 Tugann an dea-dhuine an dea-rud as an dea-stór a bhíos aige, agus tugann an drochdhuine an drochrud as a dhrochstórsan.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

35 Tairgeann an déag-dhuine deigh-neithe as a dhéagh-stór, agus tairgeann an droch-dhuine droch-neithe as a dhroch-stór.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Do‐bheir an deagh‐dhuine deagh‐neithe amach as a dheagh‐stór; agus do‐bheir an droch‐dhuine droch‐neithe amach as a dhroch‐stór.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 Do bheir an duine maith neither maithe as cisde maith a chroidhe: agus do bheir an drochdhuine droichneithe as a dhroichchisde.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Tugann an fear fóghanta neithe fóghanta uaidh, amach a’ stór fóghanta; agus tugann an droch-dhuine droch-neithe uaidh amach a’ droch-stór.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

35 Tógann an dea-dhuine dea-nithe amach as a dhea-stór, agus tógann an drochdhuine drochnithe amach as a dhrochstór.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:35
17 Tagairtí Cros  

Nach ndéanfaidh siadsan thú a theagasc agus labhairt leat, Agus briathra mar seo á rá ó chroí:


Is gaistí le fuil a dhoirteadh iad briathra an urchóidigh; ach fuasclaíonn béal an fhíréin daoine ó bhaol.


Gabhann áthas le freagra pras, agus nach maith é an focal i dtráth!


Déanann an fíréan machnamh ina chroí [ar bhearta fónta], ach sníonn mailís as béal lucht na hurchóide.


Crann beatha í teanga shéimh, ach briseann an urchóid inti an croí.


A sceith na bpéisteanna, conas a d'fhéadfadh sibh an mhaith a labhairt agus sibh féin olc, agus gur as lán an chroí a labhraíonn an béal?


Dúirt sé leo: “Sin an fáth, gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas, gur cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean.”


Sa chaoi chéanna, tugann gach crann maith torthaí fónta uaidh, ach tugann an drochchrann drochthorthaí.


Tógann an dea-dhuine an dea-rud amach as dea-stór a chroí, agus tógann an drochdhuine an drochrud amach as a dhrochstór. Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal.


Ná tagadh oiread agus drochfhocal amháin as bhur mbéal ach an dea-fhocal fointeach a oirfidh don ócáid agus a rachaidh chun sochair don lucht éisteachta.


Bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc. Déanaigí a chéile a chomhairliú agus a theagasc le barr eagna. Canaigí sailm agus iomainn agus laoithe spioradálta in ómós do Dhia agus buíochas in bhur gcroí.


Bíodh bhur gcomhrá leo go suáilceach deisbhéalach i gcónaí ionas go bhféadfadh sibh an freagra pras a thabhairt do chách.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí