Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 3:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus chonaic sé mórán des na Fairisínigh agus des na Sadducíneachaibh ag teacht chun an bhaiste chuige, agus dubhairt sé leó: A shliocht na n-aithreach nimhe, cé chuir ar bhúr súilibh daoíbh-se an fhearg atá chúghaibh do sheachnadh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Ach nuair a chonaic sé cuid mhór de na Fairiséigh agus de na Sadúicéigh ag teacht chuige le baiste a fháil, is é a dúirt sé leo, “A shliocht úd na nathracha! Cé a thug mar rabhadh daoibh éalú ón díbheirg atá le teacht?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus nuair a chonnaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadducaigh ag teacht chuig a bhaisteadh, dubhairt sé leo: A shliocht naithreach nimhe, cé thaidhbhsigh díbh-se teicheadh ó’n fheirg atá le theacht?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Acht nuair do chonnaic sé mórán de na Fairisíneachaibh agus de na Saddúcíneachaibh ag teacht chum baiste d’fhágháil uaidh, adubhairt sé leo‐san: A shliocht na nathrach nimhe, cia d’fhógair orthaibh‐se teicheath ó’n díbhfheirg atá le teacht?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus an tan do chunnairc sé mórán do Pháirisíneachaibh agus do na Sadúiseachaibh ag teachd do chum a bhaisdigh féin, a dúbhairt sé ríu, A shíol na naithreach neimhe, cía do fhoillsigh dháoibh teitheamh ón fheirg atá ag teachd?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baiste chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh-se teitheadh ón díbheirg atá le teacht?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht?

Féach an chaibidil Cóip




Matha 3:7
49 Tagairtí Cros  

D’airigh na Fairisínigh an chaint sin, agus dubhradar: Ní chuireann sé seo na deamhain amach ach le cómhacht Bheelsebub, rí na ndeamhan.


A shliocht na naithreach nimhe, conus is féidir daoíbh-se neithe fóghanta do labhairt agus sibh go h-olc? óir is á líonmhaireacht an chroidhe do labhrann an béal.


Ansan do tháinig a dheisgiobuil chuige, agus dubhradar leis. An eol duit go bhfuil sgannal glacaithe ag na Fairisínigh ó airigheadar an focal san?


Ansan do tháinig chuige na Fairisínigh agus na Sadducínigh chun triail a bhaint as; agus d’iarradar air cómhartha ó neamh do thaisbeáint dóibh.


Agus dubhairt sé leó: Féachaidh agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach.


Ansan d’imthigh na Fairisínigh, agus chuadar i gcómhairle go ndéanfaidís búntáiste bhreith air ’n-a chaint.


An lá san tháinig na Sadducínigh chuige, daoine adeir ná fuil aiseirighe ann, agus cheistigheadar é, agus dubhradar.


Nuair airigh na Fairisínigh nár fhág sé focal le rádh ag na Sadducínigh, thánadar i bhfochair a chéile;


A aithreacha nimhe, a shliocht na n-aithreach nimhe, cad é an dul atá agaibh-se ó bhreith ifrinn?


Óir deirim libh mura mbeidh bhur bhfíoraontacht-sa níos lionmhaire ’ná fíoraontacht na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas.


Agus chuireadar chuige cuid de sna Fairisínigh agus de mhuintir Héróid chun buntáiste bhreith air ’n-a chaint.


Ansan tháinig chuige na Sadducínigh, daoine a shéanann aiseirighe na marbh, agus chuireadar ceist chuige agus dubhradar;


Agus thug sé foláramh dóibh agus dubhairt: Féachaidh, agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus giost Héróid.


Agus bhí na Fairisínigh ag éisteacht leis na neithe sin go léir, agus daoine sanntacha b’eadh iad, agus bhíodar ag déanamh magaidh faoi.


Sheasaimh an Fairisíneach agus dhein sé a ghuidhe mar seo i n-a aigne féin: A Dhia, bheirim a bhuidheachas leat ná fuilim-se mar an chuid eile de sna daoine, bitheamhnaigh, lucht éagcóra, lucht adhaltranais, ar nós an phuibliocánaigh seo féin.


Ach na Fairisínigh agus dochtúirí na dlighe, thugadar easúmhluigheacht do chómhairle Dé ’n-a gcoinnibh féin, óir níor ghlacadar a bhaisteadh-sin.


Agus de sna Fairisínigh ab eadh na teachtairí.


Is ó’n ndiabhal, bhúr n-athair, sibh-se, agus isiad na neithe a thaithneann le nbhúr n-athair a dheineann sibh. Dúnmharbhthóir ab eadh é sin ó thusach, agus níor sheasaimh sé sa bhfirinne, óir ní’l fírinne ann; nuair a labhrann sé an t-éitheach labhrann sé an nídh is leis féin, óir tugann sé an t-éitheach agus isé athair an éithigh é.


Agus d’airigh cuid de sna Fairisínigh a bhí i n’fhochair é, agus dubhradar leis: An amhlaidh atáimíd-ne dall, leis?


Ach d’eirigh cuid d’aicme na bhFairisíneach, a bhí tar éis an chreidimh a ghlacadh, agus dubhradar: Ní fuláir tímpallghearradh do dhéanamh ortha agus a chur fhiachaibh ortha dlígh Mhaoise cimeád.


D’á bhrígh sin déinid faire, agus cimeadaidh i nbhúr gcuimhne conus mar nár stadas ar feadh trí mblian, do ló ná d’oidhche, ach ag cómhairliú an uile dhuine agaibh agus deóra le m’shúilibh.


Tá fhios acu, (dá mba maith leó é dh’innsint i bhfiadnuise), gur mhaireas, do réir na h-aicme is deimhnighthíghe i n-ár gcreideamh, am Fhairisíneach.


Ansan, d’eirigh an t-árdshagart agus gach a raibh i n’fhochair (bh’iad san aicme na Sadducíneach), agus iad lán de thnúth,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí