Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 3:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus bhí sé ’ghá mbaiste sa n-Iórdan agus iad ag déanamh faoísdine i n-a bpeacaíbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 gur bhaist sé in abhainn an Iornáin iad, agus iad ag admháil a bpeacaí os ard.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Agus bhaisteadh sé iad san Iordáin, agus iad ag admháil a bpeacaidhe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 agus do bhaist sé i nIórnán iad, agus iad ag admháil a bpeacadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus do ghabhadar baisdeadh úadha ann Iordán, ag admháil a bpeacadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 agus iad ag fáil baiste uaidh in abhainn na hIordáine ag admháil a bpeacaí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 agus iad ag fáil bhaiste uaidh in abhainn na hIordáine ag admháil a bpeacaí.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 3:6
35 Tagairtí Cros  

Táim-se ag bhúr mbaiste le h-uisge chun aithrighe, ach an t-é atá ag teacht am’ dhiaidh is cómhachtaíghe é ’ná mise, agus ní fiú me go ndéanfainn a bhróga d’iompar; baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine.


Agus bhí muintir Iudaéa agus muintir Ierúsaleim go léir ag dul amach ag triall air, agus bhí sé ’ghá mbaisteadh i n-abhainn Iórdain, agus iad ag admháil a bpeacaí.


Agus iompóchaidh sé a lán de chlainn Israéil ar a dTighearna Dia.


Agus d’fhreagair Eóin agus dubhairt leó go léir: Táim-se ag bhúr mbaisteadh le h-uisge; ach tiocfaidh duine is treise ’ná mé, duine nách fiú mé go ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh. Baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine.


Gur dhein Eóin baiste le h-uisge ach go ndéanfar sibhse do bhaiste leis an Spioraid Naomh laistigh de bheagán laethanta.


Agus chuimhnigheas ar fhocal an Tighearna, mar adubhairt sé: Dhein Eóin baiste le h-uisge ach baistfar sibhse leis an Spioraid Naomh.


Agus bhíodh a lán de’n mhuinntir a chreid ag teacht ag déanamh faoisdine agus ag innsint a ngníomhartha.


Anoir cad é an ríghneas so ort? Eirigh agus baistthear thu agus nigh díot do pheacaí le glaodhach a ainim.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí