Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 3:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus bhí Ierúsalem ag dul amach ag triall air an uair sin, agus Iúdaéa go léir, agus an dúthaigh go léir tímpal ar an Iórdan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Ba ansin a chuaigh a raibh in Iarúsailéim agus ar fud Iúdaea agus sa cheantar cois Iornáin go dtí é,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 An uair sin théigheadh Ierusalem, agus Iudaia go h-uile, agus an ceanntar go h-uile thart fá’n Iordáin amach chuige.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Do chuaidh Iarúsalem amach chuige, an t‐am sin, agus Iúdaea go léir, agus lucht an cheanntair mór‐thimcheall Iórnáin,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Do chúaidh Ierusaléim a mach chuige an tansin, agus Iudéa uile, agus luchd na tálmhan atá a ttimcheall Iordan uile,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Ansin, bhí na daoine ag teacht amach chuige ó Iarúsailéim agus ó Iúdáia go léir agus ó cheantar uile na hIordáine,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Ansin, bhí na daoine ag teacht amach chuige ó Iarúsailéim agus ó Iúdáia go léir agus ó cheantar uile na hIordáine,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 3:5
9 Tagairtí Cros  

Ansan, nuair a rugadh Íosa i mBetlehem Iúda, i laethibh an rí Héróid, tháinig draoithe ó’n ndomhan toir go Ierúsalam, agus dubhradar:


Agus do lean sluaighte móra é a Gaililí agus a Decapolis agus a Ierúsalem, agus ó’n dtaobh thall de Iórdan.


Agus bhí muintir Iudaéa agus muintir Ierúsaleim go léir ag dul amach ag triall air, agus bhí sé ’ghá mbaisteadh i n-abhainn Iórdain, agus iad ag admháil a bpeacaí.


An dlígh agus na fáidhe go dtí Eóin; as san amach tá rígheacht Dé d’á chraobhsgaoileadh, agus gach aoinne ag cur ’n-a choinnibh go dian.


Agus tháinig sé ar fuid na gcríoch go léir ar bruach Iórdain ag fógairt baiste chun aithrighe agus chun maitheamhnachais peacaí,


Agus deireadh sé leis an muintir a thagadh amach chun go mbaistfí iad: A shíol na n-aithreach nimhe, cé mhúin daoibh-se conus dul ó’n ndíbhfeirg atá ag teacht?


Agus bhí Eóin ag baisteadh na ndaoine i n-Aennon i n-aice Shalim, mar bhí cothrom uisge ann, agus thagadh na daoine ann agus do baistí iad.


Lóchran ar lasadh agus ag taithneamh ab eadh é siúd, agus níor mhisde libh-se ar feadh tamaill áthas a dh’fhághail ’n-a sholus.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí